oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Laochraí Na Scoile – Foireann Peil na mBan

Craobh Peile buaite ag ár bhfoireann agus an corn ag filleadh go Scoil An Duinnínigh!!!!

 

Páirc Pharnell, 19/05/2016

Scoil An Duinníngh Vs Scoil Naomh Philib

  4 – 11                                        2 – 2

 

Cé go raibh tréimhse againn de aimsir bhreá ag tús na seachtaine, faoin am go raibh foireann na gcailíní ag bailiú le chéile i bPáirc Pharnell bhí na scamaill dubh agus an bháisteach ag titim. Bhí an féar sleamhain agus an aimsir go dona ach níor chuir sé seo isteach nó amach ar an slua mór a bhí bailithe san árdán , nó ar na peileadóirí a bhí ag ullmhú ar thaobh eile na páirce.

 

I rith na bliaina seo bhí neart cluichí móra ag an bhfoireann seo agus taithí acu ar chluichí móra a imirt os comhair sluaite móra. Chomh maith le sin tá na cailíní seo ag imirt lena chéile ó bhíodar i Rang a 3 agus Rang a 4. Thug sé seo buntáiste mór dóibh toisc go bhfuil neart cleachtadh déanta acu  ar na scileanna peile riachtanacha. Bíonn siad ag cleachtadh cúig lá in aghaidh na seachtaine, amuigh ar an bhféar, nó sa halla. Thuig an slua a bhí ann gur foireann thapaigh chumasach a bhí againne, ach bhí cuma mór agus láidir ar pheileadóirí Baile Bhláinséir. Bhí cúpla duine den tuairim go dtugadh an droch aimsir buntáiste dóibh agus go mbeadh siad ró-láidir dúinne ! Ní mar a shíltear a bhítear!

 

Faoi cheannasaíocht na múinteoirí Brídín agus Martina agus le hÁlainn Ní Dhuibhir mar chaptaen chonaiceamar ar fad na cailíní ag déanamh an téamh suas agus an bháisteach ag titim níos troime faoin am seo. Ba léir go raibheamar ar bís, agus go raibh fuinneamh go fóil i gcailíní Rang a 6 , in aineoinn an turais fada abhaile ó Delphi an oíche roimh réidh. Ní raibh le teacht faoin am seo ach caitheamh na pingine agus tús an chluiche!

 

B’fhéidir gur cheap stráinséirí a bhí leas muigh de Pháirc Pharnell go raibh an stád lán go béal , bhí torann den scoth ag teacht ón lucht leanúna , bratach dearga agus bána in airde acu. Chuireamar tús íontach leis an gcluiche agus fuaireamar cúilín ó saor chic go luath sa chluiche. Ach le caoch na súl d’aimsigh Scoil Naomh Philib cúl den scoth tar éis dóibh cic mór fada a sheoladh isteach go dtí an lán tosach a bhí acu. Bhí a chuid cumais léirithe acu féin agus ba léir nach raibh aon fonn géilleadh orthu.

 

 

Thuig foireann shinsear na gcailíní ansin go raibh orthu greim ceart a bhreith ar an gcraobh seo, agus tháinig feabhas orainne ar fad, le gach aon imreoir dírithe go hiomlán ar an liathróid a bhuachaint agus a chuir chun cinn. Máistreas óg i mbun a ceirde a bhí i Leah Nic Eochaidh i lár na páirce ag an stáitse seo agus bhí na cúlaithe ag cosaint go tréan, ach go háirithe Ciara Nic Cormaic agus Leah Ní Bhroin. Agus na cailíní ag ionsú bhí an tseilbh á bhuachaint go cróga ag léithéidí Cáit Nic Cionnaith agus Caoimhe Ní Mhuirí. Bhí an scoil eile á chuir faoi bhrú láidir againn. Bhuaileamar an posta agus d’éirigh leo cúpla iarracht a ghlanadh ón líne.

Níor stop cailíní na scoile, agus in ndiadh dóibh cúpla seans eile a sheoladh ar strae , thapaíomar an deis ! D’aimisigh muid cúl agus cúpla cúilíní deasa, ó chiceanna saora agus i ngluaiseactaí deasa foirne ón imirt. Bhí an lámh in uachtar againn anois, ar fud na páirce, i measc na gcosainteoirí bhí Anna Ní Laocha agus Teagan Ní Chiaráin ag stopadh gach aon iarracht a bhí ag Scoil Naomh Philib. Chun tosaigh chuireamar críoch láidir leis an gcéad leath trí dheá-imirt Fianna Ní Mhiguéir agus le cúl ó Sorcha Ní Chinnéide i ndiadh di an liathróid a bhaint ón gcúl báire!

 

Ag leathama bhí siamsaíocht le fáilt ón slua agus iad ag canadh Oró ‘Sé Do Bheatha ‘Bhaile os ard le breis spreagadh a thabhairt don fhoireann faoin am seo a bhí chun tosaigh ar chlár an scóir ach fluich go craiceann.

Leanadar orthu mar a bhí sa chéad leath. Ba léir ón stíl imeartha a bhí acu, na pasanna deasa a bhí á dtabhairt dá chéile, agus an muinín a bhí acu astu féín go raibh an ghaoth i seolta Scoil an Duinnínigh anois! Arís níor ghéill Scoil Naomh Philibh agus aon uair gur éirigh leo ionsaí a dhéanamh bhí baol mór ann go mbainfeadh siad cúl amach dóibh féin. D’athain na cailíní seo agus bhí laochraí i ngach líne ar an bpáirc ag cinntiú nach mbeadh aon slí ag an bhfreasúra an cluiche seo a sciobadh uainn. Bhí smacht ag Abi Ní Ch. mar lán chúlaí ar gach rud a tháínig ina treo agus sa chúl bhí Síofra Ní Scanaill stuama agus ciallmhar a treoiriú cúrsaí.

Freisin caithfear aitheantas a thabhairt do na mná ionaid a tháinig chun páirce, nuair a tháínig tuirse ar roinnt imreoirí, tháinig na h-imreoirí úra ar an bpáirc le cur leis an iarracht a bhí ar bun an craobh seo a bhuachaint agus an corn a thabhairt ar ais chun na scoile. Bhí tionchur acu ar fad ar an cluiche!

 

Le séideadh na feadóige lig slua na scoile béic mór astu! Bhí an craobh buaite ag foireann na gcailíní ! Bhí tuismitheoirí, múinteoirí agus cúpla mamó ag rince ar thaobh na páirce ! Is fiú trácht a dhéanamh ar Scoil Naomh Philib, bhí siad breá béasach cé gur chailleadar an cluiche, rinneadar an-iarracht ar fad agus chraith an dhá fhoireann lámh lena chéile. Is ócáid íontach don dhá scoil a bhí ann.

 

Ag deireadh an lae bhuaigh Scoil An Duinníngh an cluiche seo mar gheall ar an traenáil leanúnach a dhéanann siad. Bhí na scileanna ar fad le feiscint sa chluiche seo, luas, láidireacht, crógacht, gliceas, bhí sé ar fad ag cailíní na scoile agus is cinnte go bhfuil moladh mór tuillte acu ar fad agus na bainisteorí ! Is cinnte freisin go bhfeicfear cailíní ón bhfoireann seo agus iad ag imirt ar Pháirc Pharnell arís ach le geansaithe an chontae orthu an uair seo! Tá laochraí óga inár measc!

 

 

****Laoch an Chluiche – Leah Nic Eochaidh ****

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers