oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Lucht Lúthchleasaíochta Na Scoile 2023

A Chairde,

Níos lú ná seachtain ó shin agus stoirm ag réabadh na tíre, bhí foireann lúthchleasaíochta na scoile ag ullmhú chun agahidh a thabhairt ar na Fingal Athlethics Leagues don chéad uair riamh !

Bhí sioc ann, bhí sneachta le bheith ag teacht agus bhí cúpla glaoch faighte ag Karen san oifig ag fiosrú an raibh na rásanna ag dul ar aghaidh !

Níor chuir cúsaí aimsire isteach orainn agus bhailigh an scuad ar fad ( 50 páiste! ) le chéile sa halla chun na huimhreacha rasaíochta a cheangailt lenár T-léintí. As go brách linn ansin ar an mbus go Páirc An Droichid Nua i nDomhnach Bat. Turas breá tapaigh a bhí ann ach bhí ionadh an domhain orainn nuair a chonaiceamar an carrchlós ann lán go béal le bhusanna ó an-chuid scoileanna eile !  Ní comórtas beag a bhí anseo ach ocáid mhór lúthchleasaíochta le na céadta páistí i láthair !

 

Chláraíomar go tapaigh agus ansin chuireamar síos ár mála faoi chrann ard a chosain ó fhuacht na gaoithe beagáinín sinn ! Bhí scoileanna eile ag téamh suas timpeall orainn agus rinneamar amhlaidh ! Bhí cailíní Rang a 4 le bheith ag rith ar dtús. Rinneadar roinnt reatha chun na cosa a dhúisiú agus ansin d’imigh siad go dtí an túsphointe do na rásanna.

Bhí cuid den chúrsa éasca go leoir, ag dul síos le fána, ach bhí cuid eile deacair, ag dreapadh agus ag rith in aghaidh na gaoithe. Ansin ós comhair an tslua a bhí an deireadh !

Nuair a chríochnaigh gach cailín bhí sé in am do bhuachaillí Rang a 4 na rasaí a rith ! Chuir na cailíní na cótaí móra ar ais orthu go tapaigh ! Ceapaim go raibh fleasc te ag duine nó beirt cliste !

 

As go brách le buachaillí Rang a 4 le na cosa in airde ! Cé go raibheamar fuar agus fliuch faoin am seo, ba léir go raibh na buachaillí ag baint taitneamh as an lá mar thánadar timpeall an cúinne deiridh le meangadh mór gáire orthu ar fad ! Nuair a thrasnaigh siad an líne deiridh, arís, bhí lucht eagraithe ann ó Fingal Athletics League chun tréaslú linn agus ár lámha a chreathadh !

Bhí sé in am anois do Rang a Cúig tabhairt faoin rith. Thánadar amach ó scáth an chrainn, áit ina raibh siad i bhfolach ón aimsir ! Bhí na múinteoirí fliuch go craiceann, in ainneoin a gcótaí báistí ! Bhí na tuismitheoirí a bhí ann balaithe le chéile  go dlúth chun fancht te ! Leirigh páistí na scoile a gcuid aclaíochta agus a gcuid crógachta mar arís, thugadar faoi na rásaí go diongbháilte !

Ní amháin sin léirigh gach grúpa nach raibh ag rith cairdeas agus spiorad álainn mar thugadar spreagadh agus tacaíocht den scoth dá gcairde. Buachaillí agus cailína ar aon ag moladh agus a tabhairt bualadh bos dá chéile !

Nuair a bhí gach rás rithe ní raibh aon am le meilt againn! Ar ais linn go dtí an bus go tapaigh ! Cheap cúpla páiste go raibh siad níos fuaire ná mar a bhí Tom Crean fadó fadó agus é ag triall ar an Mol Theas !

 

Bhí páistí eile ag raibh go raibh siad chun léimt isteach i bhfolcadán láithreach sa bhaile ! Nuair a shroicheamar an scoil bhí Múinteoir Nóirín ann romhainn agus 50 muga de sheacláid the aicí ag fanacht orainn ! Bhí géar gá leis agus is maith an t-anlann an tuirse agus t-ocras agus chabhraigh an tseacláid go mór linn teacht ar ais chughainn fein!

B’fhiú go mór dul amach ag rith ar son na scoile. Ní raibh boinn ann, ná beim ar ché a bhí sa chéad ann. An sprioc a bhí ann ná go mbeadh gach duine ag rith amuigh faoi aer. Bhí lá den scoth againn agus mar a dhéanann siad i gcónaí, bhí páistí na scoile seo deá-bhéasach, deá-mhúinte agus bhí múinteoirí na scoile fíor-bhródúil asaibh ar fad ! Maith sibh a pháistí !

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers