oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Mac Rí Éireann!!!

A Chairde, seachtain ó shin bhí sibh ag léamh cuid den scéal íontach seo. . . Tá áthas orainn i Rang A Trí gur féidir cuid a dó a léamh anois. . . Is í Caoimhe  a bhí ag scríobh dúinn an uair seo  . . .Bainigí sult as an scéal , bíodh foighne agaibh, beidh cuid a trí a teacht go luath. . . Leanaigí oraibh ag léamh!

 

Mac Rí Éireann      (cuid a dó)

 

 

An chéad lá eile d’eirigh an prionsa óg. Bhí air aire a thabhairt do na ba arís. Amach leis agus chonaic sé faiche álainn le talamh agus féar blasta do na ba.

Páirceanna Deasa

 

Bhí beacha ag eitilt ann agus bhí bóíní dé ar na bláthanna. Ach bhí feadhb le na páirceaana deasa seo. Ba le an dara fathach fíochmhar iad. Ní raibh sé cáirdiúl . Bhí túr ard aige agus gach oíche lig sé scread mór as chun scanradh a chuir ar ghach duine! Ní raibh scanradh ar an bprionsa óg !

 

Túr

 

 

Chuaigh sé go dtí páirceanna an dara fhathaigh le na ba. Bhí na ba ag ithe an fhéir agus ól ó na srutháin. Chonaic an fathach é seo ! Rith sé amach óna thúr go tapaigh. Bhí sé ar buille. Bhí claíomh ina lámh aige. . .

 

Fathach

“Imigh ó mo pháirceanna” a bhagair sé.

Thosnaigh an fathach agus an prionsa óg ag troid. Bhí an fathach mór agus láidir ach bhí an prionsa glic agus cróga. Thug an prionsa trí bhuille don fhathach. . .

Ar an gcéad bhuille gearradh an fathach  síos go dtí na glúine. Leis an dara bhuille gearradh an fathach síos go dtí a bhásta. Thosnaigh an fathach ag impí ar an bprionsa óg gan é a mharú. . .

“Oh stop, stop, tá brón orm” a dúirt sé.

“Ná mairigh mé, tabharfaidh mé ór agus airgead duit!”.

“Tabharfaidh mé mo chlaíomh draíochta duit!”

 Claíomh

“Cá bhfuil do chlaíomh?” arsa an prionsa óg.

Bhí an claíomh faoin leaba sa túr ard agus d’imigh an prionsa chun é a fháil.

“Cá h-áit gur féidir liom an claíomh a thástáil?” a dúirt an prionsa óg.

“Ar mhaide nó stumpa bata” a dúirt an fathach.

“Ní fheicim maide ar bith níos fear ná do cheann!” a d’fhreagair an prionsa . . . Ghearr sé a chloigeann óna chorp le buille amháin den chlaíomh draíochta. Bhí tuirse ar an bprionsa agus d’imigh sé isteach i dtúr an fhathaigh. Bhí sé ag féachaint ar na seodra a bhí ann. Chuaigh sé a chodladh ar leaba an fhathaigh. . .Dhúisigh sé níos déanaí agus thiomáin sé na ba abhaile go caisleán an Rí. Bhí na ba íontach sásta agus bhí a lán bainne ag an Rí an oíche sin!

Bainne

                           *****      Críoch le cuid a dó.      *****

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers