oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Na Dubs agus Corn Uí Mháirtín Ar Scoil !

Nach bhfuil an t-ádh dearg orainn ar fad anseo i Scoil An Duinnínigh. Is annamah seachtain a bheith againn gan cuairteoirí nó rudaí spéisiúla a bheith ar bun againn sa halla, ach an tseachtain seo caite bhí lá den chéad scoth againn!

 

An Halla Lán!

 

Ní amháin gur tháinig Corn Uí Mháirtín anseo go dtí an scoil ach tháinig beirt imreoir ó fhoireann na Dubs, Sinéad Ní Fhionnagáin agus Sinéad Ahearne. Bhí sé seo ina ócáid speisialta don scoil ar fad mar is iarscoláire í Sinéad Ní Fhionnagáin agus d’fhoghlaim sí ana-chuid faoi chonas peil a imirt don chéad uair anseo ar scoil. Ar bharr sin tá an bheirt seo ag imirt le cumainn atá in aice linn le Fine Ghalainn agus Naomh Sailbheastar.

 

Ar aon nós chuireamar fáilte rompu agus bhí garda onóra ag fanacht leo leas muigh den scoil chun iad a thabhairt isteach go dtín halla. Nuair a thánadar isteach thosaigh bualadh bos agus béiceadh láithreach. Tá sé fíordheas gur féidir linn a bheith ag féachaint ar na laochraí peile seo agus iad ag imirt i bPáirc An Chrócaigh agus ansin go bhfuil siad sásta teacht ar chuairt chugainne. Chuir sé sin áthas ar an scoil ar fad agus ba léir, bhí an halla lán le geansaithe gorma.

 

 

Toisc gur scoil íontach í an scoil seo a fhreastalaíonn ar chúrsaí ceoil mar aon le cúrsaí spóirt bheartaíomar cúpla amhrán a chanadh chun ceiliúradh ceart a dhéanmah ar an lá mór seo. Chanamar dhá amhrán le baint láidir le Baile Átha Cliath, agus bíonn siad le cloisint i lár an tsamhraidh ar Chnoc 16 nuair a bhíonn na Dubs ag imirt. Chanamar go hard, agus go binn agus go bródúil . Chabhraigh Múinteoirí Nóirín agus Maria go mór leis an gceol le Mol Ní Mhaileoin agus d’aimsigh Múinteoir Brídín leagan deas de Bhaile Átha Cliath sna Laethanta a Bhí.

 

 

Faoin am seo bhí an halla lán go béal, gach páiste agus gach múinteoir, cúpla tuismitheoir, iarrmhúinteoirí, cairde na scoile , bhíomar ar fad ann i lár an aonaigh. Ach ní raibh ach tús leis an lá. I gcaitheamh na hócáide ar fad an rud ba shontasaí ná an mangadh mór a bhí ar Shinéad Ní Fhionnagáin, nach í a bhí bródúil agus í ag filleadh aríst ar an seanscoil a bhí aicí.

 

 

Anseo i Scoil An D déanann beirt mhúinteoir ualach mór oibre ar son peil na gcailíní , sin iad dár ndóigh Múinteoirí Martina agus Brídín. Thánadar beirt chun na staitse chun tréaslú leis an mbeirt Shinéad agus ár mbuíchas a ghabháil leo. Aríst ba léir dúinn ar fad  gur áit faoi leith an scoil seo agus daoine ar leith iad na gach duine a bhíónn ag freastal agus ag foghlaim anseo. Bhí dán cumtha ag Múinteoir Brídín faoi chúrsaí peile anseo sa scoil agus faoin spreagah a thugann léithéidí Shinéad Uí Fhionnagáin dúinn.

 

 

Ansin tar éis ana-chuid gleo agus le griangrafadóirí oifigúla ag gabháilt timpeall tháinig Múinteoir Máirtín chun na stáitse. Ba chuimhin le Mairtín Sinéad agus í ag imirt ar son na scoile agus d’inis sé cúpla scéal dúinn fuaithi agus í ag imirt i bPáirc An Chrócaigh  ar son Scoil An D. Fiú agus í chomh hóg sin thuig gach duine go raibh ardchumas peile inti. Lá amhain nuair a bhí Sinéad ag imirt i bPáirc An Chrócaigh d’aimsigh sí cúl. Thosnaigh gach duine ag bualadh bos, lucht na scoile seo, an freasúra ar fad, an slua a bhí ag féachaint sa stáid, agus fiú amháín na fir tógála a bhí ag obair in aice na páire. Is léiriú é sin ar an gcumas a bhí aicí um a dtac sin agus atá aicí go fóil agus í ag imirt ar son na Dubs!

 

 

Le sin tháinig na hiriseoirí óga spóirt le ceisteanna a chuir ar an mbeirt pheileadóir. Cuireadh roinnt ceisteanna dáiríre orthu, cinntí gealgháoreacha agus roinnt cinntí a bhí beagáiní pearsannta fiú! Ach thaithin sé le gach duine agus bhí sé fiúntach cúpla nod a chloisint ó na laochraí seo agus aithne níos fearr a chuir orthu chomh maith.

 

Caithfear a thabhairt san áireamh go raibh múinteoirí den scoth anseo ag Sinéad agus chabhraigh sé sin go mór leí nuair a thosnaigh sí ag imirt peile. D’imigh sí amach ag cleachtadh go minic, tuigimís ar fad, cleachtadh a dhéanann máistreacht. Bhí sé go híontach ar fad gur tháinig sí ar ais chun na scoile. Má tá paistí ar bith ann ag rá leo féin “Oh ba bhreá liom a bheith ag imirt leis na Dubs” níl oraibh ach sampla Shinéaid a leanúint. Is cinnte go dtabharfaidh an chuairt seo spreagadh dúinn ar fad sa scoil, agus go háirithe do na cailíní a bheidh ag imirt i bPáirc An Chrócaigh ar an Aoine. Lá amháín duine go mbeidh cúpla duine ón bhfoireann sin ag filleadh ar an scoil agus corn uile Éireann acu, ag insint dúinn gur thosnaigh sé ar fad le Brídín agus Martina amuigh ar an bhféar ag cleachtadh ag am lón.

 

Ba mhaith leis an scoil an fad buíochas ó chroí agus gach rath a ghuí ar an mbeirt Shinéad. Tá míle fáilte rompu teacht ar ais chun na scoil i 2018 leis an gcorn aríst. Na Dubs agus Scoil an D abú!!!!

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers