Bhain cailiní ó Scoil an D an-taitneamh as an deis imirt ag leath ama sa chluiche peile oíche aréir i bPáirc an Chrócaigh.
Bhí seisear cailín ó fhoireann na scoile ag glacadh páirt sa chluiche a bhí ar siúl i rith an cluiche sraithe idir Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh. Bhíomar ar fad fíor-bhródúil astu agus as an mór-thaispeántas scileanna a thaispéan siad don lucht féachana. Tá súil againn nach í seo an uair dheireannach go bhfeicimid na cailíní seo ag imirt i bPáirc an Chrócaigh. Na Dubs agus Scoil an D Abú!
10 Feabhra 2018