oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Peiledóirí Na Scoile Sa Leathchraobh !!

 

12/10/23 Broomfield, Mullach Íde

Scoil an Duinnínigh 3 : 10

Gaelscoil Bharra    0 : 3

A Chairde , tá áthas orainn a fhógairt go raibh bua breá ag buachaillí na scoile i mBroomfield um thráthnóna. Ba cheathrú craobh a bhí ann. Bhí freasúra láidir inár gcoinne, Gaelscoil Bharra ó Chabhach. Bhí réiteoir oifigiúil ann, bhí slua breá tuismitheoirí cruinnithe le chéile ag taobh na páirce. Ghlac captaen na foirne páirt i gcaitheamh na pingine agus ar aghaidh linn!

Go dtí seo i mbliaina táimid tar éis teacht tríd cúpla cluiche dian, agus tá neart taithí againn ar a bheith ag imirt lena chéile, cé go bhfuil meascán clubanna againn. Mar gheall ar seo bhíomar muiníneach agus chuireamar tús tapaigh láidir leis an gcluiche.

Bhí coinníolacha bréatha peile ann ach bhí cosaint  Ghaelscoil Bharra deacair orainn briseadh suas . Cé go raibh a lán den tseilbh againn, bhí easpa scóranna ann ag tús an chluiche. D’éirigh linn féín agus le Gaelscoil Bharra dul ar chúpla ionsaí ach le cúpla soicind le dul sa leath ní raibheamar ach 3 phointe chun tosaigh . Le sin thapaigh ár gcéad fhear ionaid ( agus laoch an chluiche ) an deis. Cuireadh pas dáinséireach trasna an chúil, d’éirigh linn bróg a chuir leis agus isteach sa chúl leis an liathróid !

Ag leathama phléamar roinnt taicticí agus d’ólamar roinnt uisce. Níor theastaigh uainn fanacht seasta timpeall, bhí cluiche le buachaint go fóil !

Sa dara leath bhíomar níos ciallmhaire. Bhí níos mó foighne againn agus thógamar an rogha ceart cúpla babhta chun cúilíní a ghlacadh. D’éirigh linn an bearna a bhí eadrainn a leathnú. Le linn an chluiche ar fad bhí ár gcosainteoirí cróga agus chun tosaigh ar thosaithe an fhreasúra. Sheasadar sa bhearna baoil am i ndiadh a chéile chun liathróidí a stopadh agus a bhlocáil. Thug sé seo spreagadh agus dóchas don fhoireann ar fad, agus don leacht leannúna a bhí ag féachaint orainn.

Fuaireamar cúpla scór slachtmhar eile agus le séideadh na feadóige deiridh, bhí buachaillí na scoile ag léimt san aer le háthas. Bhí an leathchraobh bainte amach againn ! ! ! Tá sé seo go híontach ar fad ach ba cheart dúinn a bheith ag smaoineamh ar an seanfhocal seo:

“ní breac go port”  

Nóta Brollaigh – Cárta Glas don té a mhíníonn é seo i gceart do Mhúinteoir Ciarán !

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers