oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Pictiúirí Peile ! ! !

A Chairde,

 

Tá an-áthas orainn anseo i Scoil An Duinnínigh pictiúir a roinnt libh ón gcéad chluiche peile a bhí againn le fada an lá anuas !

Bhíomar ag imirt in aghaidh Brakenstown ETNS agus in aineoinn ár n-iarrachtaí ní raibh an bua againn an uair seo.

Níor chuir sé sin isteach nó amach orainn, mar a léiríonn na pictiúirí seo, bhaineamar an-taitneamh as an gcluiche !

 

 

Tá tuaraisc á scríobh ag páistí Rang a Sé faoin gcluiche leis an scór agus i bhfad níos mó sonraí ! Foilseofar  maidin Dé Luain é.

 

 

Ba mhaith le gach duine ar an bhfoireann buíochas a ghabháil le pobal iomlán na scoile, mar bíonn cleachtadh peile againn ( buachaillí agus cailíní ) dhá uaire in aghaidh na seachtaine ! Gan teacht le chéile ó mhúinteoirí agus tuismitheoirí ní bheadh foireann ar bith in ann dul amach ag imirt ar son na scoile !

 

Léiríomar ár gcumas agus tháispeánamar ár scileanna slachtmhara le linn an chluiche . . . Rinneamar cosaint cróga agus ionsaithe fíochmhara !

 

D’éirigh linn dhá chic éirice a stopadh fiú !

 

 

D’úsáideamar an lámh láidir!

 

 

Ritheamar ar nós na gaoithe !

 

Níor ghéilleamar riamh !

 

Mar a deir an seanachas ” Beidh lá eile ag an bPaorach !”

                            Na Trí Rithe ! !

 

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers