Có-choiste ar a raibh tuismitheoirí agus múinteoirí a chuir an Cód Smachta seo le chéile. Is í príomh aidhm an chóid ná an caighdeán fiúntais agus smachta a ba mhaith linn a chur chun cinn sa scoil a chothú.
Is sinne na tuismitheoirí atá freagrach sa chéad áit as iompar ár bpáistí agus ní féidir leis an scoil árd chaighdeán smachta a chur chun cinn muna bhfuil tacaíocht agus comh oibriú le fáil ó thuismitheoirí.
Déantar cur síos sa doicméad ar na poinntí seo a leanas :
a) Na caighdeáin fiúntais a leagan amach.
b) An bealach ina gcuirtear faoi bhráid na bpáistí iad ionas go glacfaidh siad leo agus go dtabharfaidh siad tacaíocht dóibh.
c) An bealach ina spreagtar na páistí chun iad féin a iompar de réir na gcaighdéain seo.
d) An bealach ina gcabhraíonn tuismitheoirí agus múinteoirí le páistí a sháraíonn an cód, déanamh dá réir.
e) An córas smachtbhannaí a chuirtear i bhfeidhm má sháraíonn páiste an cód.
f) Cathain is ceart comhairle a lorg ó lucht phroifisiúnta nuair atá cabhair breise ag teastáil ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí chun déileáil le páistí a bhfuil athruithe shontasacha taghta ar a gcuid iompar.
(A)
(B) An bealach ina gcuirtear na caighdeáin fiúntais faoi bhráid na bpáistí ionas go nglacfaidh siad leo.
Is í príomhaidhm an chóid seo ná cur le dea iompar ár bpáistí – go mór mhór a scileanna sóisialta a fheabhsú ionas go mbeidh atmasféar taithneamhach agus cúirtéiseach sa scoil. Ionas go mbeidh an aidhm seo insroichte caithfear na caidhdeán fiúntais atá leagtha amach i Roinn(A) a mhíniú go soiléir do na páistí de réir an leibhéal tuisceana atá sroichte acu.
(C) An bealach ina spreagtar na páistí chun iad féin a iompar de réir na gcaighdeáin fiúntais seo.
Chomh luath is a thuigeann na páistí an caighdeán iompar atá inghlactha, beidh ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí co-oibriú chun iad a spreagadh, iad féin a iompar de réir an chaigheáin seo. Beifear ag súil le cumarsáid chinnte agus ghníomhach idir an baile agus an scoil.
(D) An bealach ina gcabhraíonn tuismitheoirí agus múinteoirí le páistí a sháraíonn an cód, déanamh dá réir.
Is ceacht an thábhachtach do pháistí a bhí ciontach as droch iompar, an caoi ina ndéantar iad a cheartú. Nuair a sháraíonn páiste an cód smachta is ceart go gcabhródh na moltaí seo a leanas leo :
(E) Má sháraíonn páiste an córas cuirfear cód smachtbhannaí i bhfeidhm, a bhraitheann ar chó-oibriú idir tuismitheoirí agus múinteoirí.
Cuirfear litir abhaile ag gach céim (sampla leis seo) Coimeádfar cuntas de mhí-iompar an dalta. Beidh leabhar smachta i ngach seomra ranga. Má bhriseann an páiste aon riail cuirfear a(h)ainm sa leabhar. Má scríobhtar ainm an pháiste sin síos trí h-uaire as a chéile cuirfear é/í ar chéim 1 den gCóras Smachtbhannaí. Caithfear ainm an pháiste ‘bheith scríofa trí h-uaire eile chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
An Corás Smachtbhannaí
Nóta : Má tharlaíonn sé go ndéantar sárú dona ar an gcód beidh sé de chead ag an mBord Bainistíochta agus an Príomhoide an dalta sin a chur ar chéim níos airde den gcód.
Riail 130(5) de na Rialacha le hagaidh Scoileanna Náisiúnta.
“Nuair a shíleann an Bord Bainistíochta gur gá soláthar a dhéanamh sa chóras araíonachta chun déileáil le daltaí síor-dhocheansaithe nó le mórsharú riailbhéasa trí údarás a thabhairt don Chathaoirleach nó don Phríomhoide dalta nó daltaí a ionnarbadh ón scoil ní rachaidh an chéad tréimhse ionnarbadh sin thar trí lá scoile. Ní mór cinneadh ar leith ón mBord Bainistíochta chun tréimhse bhreise ionnarbhtha nach rachaidh thar deich lá scoile ar a mhéid a cheadú chun gur féidir dul i gcomhairle le tuismitheoirí nó caomhnóirí an dalta nó na ndaltaí. I dtosca eisceachtúla, is féidir leis an mBord Bainistíochta tréimhse bhreise ionnarbtha a cheadú , chun go ndéanfar athbhreithniú ar an cheist”.
(F) Mar fhocail scoir is ceart a thuiscint go mbeidh ocáid ann nuair nach mbeidh múinteoirí na tuismitheoirí in ann deileáil le hiompar go bhfuil partún dúltach le sonrú air, i bpáistí áirithe. I gcásanna ina mbíonn ‘fadhb’ shuntasach ag páiste agus go bhfuil toradh dhiúltach ar an gco-oibriú idir múinteoirí agus tuismitheoirí is cóir comhairle agus tacaíocht a lorg o ‘shaineolaithe’. Le cead na dtuismitheoirí is féidir cabhair a lorg ó Chlinic. Threoraí Leanbh. Tá súil againn go mbeidh an cabhair seo le fáil tríd An Roinn Oideachais, go luath, nuair a cuirfear seirbhís Shiceolaíocht do Bhunscoileanna ar bun.
An Cód Smachta – Leagan na bpáistí
Is é atá i gCód Smachta ná rialacha. Deireann siad leat cad is féidir agus cad nach féidir leat a dhéanamh. Má leanann tú na rialacha seo beidh gach duine níos sona sásta ar scoil. Is é an riail is tábhachtaí ná go ndéanann tú an rud a iarrtar ort nuair a iarrtar ort é.
Gaeilge
‘Sí an Ghaeilge teanga na scoile. Caithfidh tú í a labhairt an t-am ar fad ar scoil agus le linn imeachtaí scoile.
Éadaí Scoile
Caithfidh tú an Éide Scoile a chaitheamh ar scoil.
Bí Bródúil as Scoil an Duinnínigh
Cóimeád an scoil glan agus néata. Níl cead agat bia a ithe sa chlós ná ar an mbus. Níl cead agat guma coganta a ithe ar scoil.
Bí dea mhúinte i gcónaí. Bí deas le gach duine.
Má bhriseann tú aon cheann de na rialacha thuasluaite cuirfear d’ainm sa leabhar smachta. Má scríobhtar síos d’ainm trí h-uaire as a chéile seolfar litir abhaile gach uair.
Córas Smachtbhannaí
Ba mhaith le gach duine i Scoil an Duinnínigh bheith cairdiúil lena chéile, bródúil as an scoil, agus cabhrú lena chéile bheith ar an daltaí is béasaí in Éirinn.