oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Caidreamh agus Gnéasacht

Polasaí ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta

Is bunscoil lánGhaelach faoi phátrúnacht Ardeaspaig Chaitlicigh Átha Cliath í agus aitheantas dá réir on Roinn Oideachais.

Fealsúnacht na scoile seo:

Aithníonn pobal na scoile gur ar scáth a chéile a mhairimid agus go  ndéantar chomhoibriú idir na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na páistí ar mhaithe le pobal na scoile. Aithníonn an scoil éagsúlach gach páiste, gach teaghlach, agus gach múinteoir. Tá ethos na scoile seo bunaithe ar riachtanais phobal iomlán na scoile agus an bhealach a fhreagraímid do na riachtanais sin.

Glacaimid leis gurb iad na tuismitheoirí céad mhúinteoirí an pháiste agus gurb é cuspóir na scoile ná comhoibriú leis na tuismitheoirí chun oideachas caidrimh agus gnéasachta a thabhairt dá bpaistí.

Is é/í an páiste an duine is tábhachtaí. Is mian leis an scoil forbairt iomlán an linbh a chothú i dtimpeallacht thaitneamhach lánGhaelach.

Múinfear an clár OCG trí mheán na Ghaeilge mar a dhéantar obair iomlán na scoile.

Sainmhíniú agus aidhmeanna Oideachais Caidrimh agus Gnéasachta

Is é atá i gceist i Scoil an Duinnínigh maidir le hOideachas Caidrimh agus Gnéasachta ná clár a thabharfaidh eolas cuí agus oiriúnach don pháiste ar chaidreamh agus gnéasacht.

Tá sé mar aidhm atmaisféar sona nádúrtha agus oscailte a chothú, chun gur féidir na haidhmeanna seo a leanas a bhaint amach:

  • Cur le forás pearsanta, féinmheas agus folláine an pháiste.
  • Cabhrú leis an bpáiste cairdeas agus caidreamh folláin a fhorbairt.
  • Tuiscint chruinn a chothú agus dearcadh folláin faoi ghnéasacht agus chaidreamh an duine laistigh de chreat morálta, spioradálta agus sóisialta.
  • A chur ar chumas an pháiste teacht ar thuiscint agus urraim i gcás grá daonna, caidrimh chollaí agus giniúna.
  • Mothú iontais agus uamhain a fhorbairt agus a chothú sa pháiste i leith an phróiséis a bhaineann le breith agus le beatha nua.
  • A chur ar chumas an pháiste a bheith compórdach lena g(h)néasacht féin agus le gnéasacht daoine eile fad agus é/í ag fás agus ag forbairt.
  • Béim faoi leith a chur ar chumas an pháiste deacrachtaí le daoine nó le háiteanna baolacha a shárú. Sa chás seo is é cuspóir an chláir féinmheas an pháiste a spreagadh ar shlí is go mbeidh sé/sí in ann an ócáid bhaolach a aithint agus a sheacaint, agus dul i muinín duine éigin iontaofa.

An gaol idir Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte.

Tá Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) ina chuid dhílis den Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte atá leaghtha amach i gCuraclam na Bunscoile 1999 agus ní mór é a mhúineadh sa chomhthéacs seo.

“ Cothaíonn OSPS forbairt phearsanta shláinte agus fholláine an pháiste agus cuidíonn sé leis/léi caidreamh tacúil a chruthú agus a bhuanú agus a bheith ina s(h)aoránach gníomhach freagrach sa tsochaí”

Treoirlínte do mhúinteoirí don OSPS

Múintear an curaclam ag baint úsáid as:

  • Abhair Acmhainní do Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta, An Roinn Oideachais & Eolaíochta (1998)
  • Misneach, An Roinn Oideachais & Eolaíochta (1999)
  • An Clár Bí Sabháilte – Scileanna Sábháilteachta Pearsanta do Leanaí (1998)

Chun na snáithe seo a mhuineadh beidh úsáid á bhaint as:

  • Clár Oideachas Sláinte ( m. sh. – Bí Folláin )
  • Walk Tall – Oideachas chun mí úsáid damhna a sheachaint.
  • Clár O.C.G. na scoile.

An bhfuil á sholáthar ag an scoil faoi láthair

Cuirtear béim ar na páistí féin,  a sábháilteacht phearsanta, a gcairde, a gclann, agus a dteaghlaigh i dtreoirlínte na Roinne Oideachais. I ngach cuid den chlár is ar an bhféinmheas agus ar an bhféinmhúinín a leagtar an béim is mó.

Clúdaítear gnéithe den chlár, mar atá siad i dtreoirlínte na Roinne Oideachais, sa scoil cheana tríd na hábhair eile, mar shampla, eolaíocht, Teagasc Creidimh., an Eolas ar Nádúr, agus mar chuid de phlé/comhrá idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil. Cé nach bhfuil clár O.C.G. sa scoil faoi láthair is féidir a rá go gclúdaítear cuid mhaith den chlár cheana féin.

Tagann cuairteoir isteach gach bliain chun eolas a thabhairt faoi cúrsaí gnéasachta do dhaltaí Rang 6.

Déanfaidh an Príomhoide na socruithe riachtanacha faoi mhúineadh an chláir OCG agus dháileadh na fóirne chuige sin;

  • Déanfar socrú cuí faoi ghrúpáil a dhéanamh i gcás ceisteanna áirithe ionas go mbeidh buachaillí leo féin agus cailíní mar an gcéanna;
  • Déanfaidh an Príomhoide socrú faoi fheighlíocht do na leanaí sin nach bhfuil ag leanacht an chláir OCG sa rang;
  • Is gá do thuismitheoirí, nach mian leo go bhfreastalóidh a bpáistí ar an rang OCG, é sin a chur in iúl don bPríomhoide i scríbhinn;
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers