oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Fóin Póca

Má thugann dalta fón póca ar scoil, ba chóir an fón a choimeád as radharc, casta as don lá scoile ar fad, agus gan a bheith in úsáid ar chúis ar bith ar láthair na scoile nó in áit ar bith a mbíonn gníomhaíochtaí scoile ar siúl (e.g. snámh scoile nó spórt scoile).  An t-aon eisceacht a cheadaítear ná géarchéim nó sa chás go dtugann múinteoir cead é a úsáid.

Daltaí a dhéanann neamhaird ar an bpolasaí seo agus a bhaineann úsáid as fón póca ar láthair na scoile gan chead, beidh orthu an fón a thabhairt do bhall den bhfoireann and iarrfar ar thuismitheoirí é a bhailiú ó oifig na scoile.

Más dóigh le múinteoir go bhfuil ábhar míchuí stóráilte ar fón póca, beidh ar an dalta ar leis é an fón a thabhairt do bhall den bhfoireann and iarrfar ar thuismitheoirí é a bhailiú ó oifig na scoile.  Má táthar in amhras go bhféadfadh an t-ábhar a bheith mar fhianaise i gcás coire, tabharfar an fón do na Gardaí chun iniúchadh breise a dhéanamh.  Cuirfear na tuismitheoirí ar an eolas in a leithéid de chás.

Cuirfear an polasaí seo isteach i bpolasaí smachta na scoile agus déileálfar le sáruithe ar an mbonn céanna le sárú smachta ar bith eile.

Ní ghlacann an scoil freagracht ar bith i leith fóin a bheith caillte, goidthe nó dochar a bheith déanta dóibh.  Daltaí/tuismitheoirí a bheidh freagrach as sábháilteacht agus slándáil fóin phóca.

Ní ghlacann an scoil freagracht ar bith i leith fóin a bheith caillte nó goidthe ar an mbealach chun na scoile nó ag dul abhaile.

Ba chóir do gach dalta a (h)ainm a mharcáil go soiléir ar an bhfón póca.

Má thagtar ar fhón póca ar scoil agus gan an úinéir a bheith ar fáil, ba chóir é a thabhairt do bhall den bhfoireann.

Moltar go láidir do dhaltaí pasfhocal/uimhir aitheantais pearsanta (UAP) a úsáid ionas nach féidir glaonna gan chead a dhéanamh ar a gcuid fóin (e.g. ag daltaí eile, nó i gcás go bhfuil an fón goidthe).  Ba chóír na pasfhocail/UAP a choimeád faoi rún i gcónaí.  Ní ceart fóin agus/nó pasfhocail a roinnt le daoine eile riamh.

Má bhaintear úsáid as fón póca chun bulaíocht a imirt ar dhaltaí eile nó chun teachtaireactaí/glaonna maslacha a sheoladh, beidh iniúchadh ar an scéal bunaithe ar Chód Iompraíochta na Scoile. 

Bíodh a fhios ag gach duine gur gníomh coiriúil é úsáid a bhaint as fón póca chun bagairt a dhéanamh, nó ciapadh nó goilliúint ar dhuine eile.  In a léithéid de chás, muna n-éiríonn leis an scoil déileáil leis an eachtra go héifeachtach, cuirfear an cás faoi bhráid na nGardaí, mar a dhéanfaí le heachtra ar bith dá shórt.

 

Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers