oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

   

Tá Polasaí Lón Folláin i bhfeidhm i Scoil an Duinnínigh.

Moltar do thuismitheoirí bia follain a chur i mbosca lón a bpáiste(í)

  • Torthaí, Glasraí
  • Ceapairí
  • Feoil
  • Cáis
  • Crackers
  • Brioscaí

Deochanna:

  • Bainne
  • Uisce

Ba chóir go mbeadh dóthain do dhá lón ach gan an iomarca bia ag na páistí.

Moltar an lón a chur i mbosca oiriúnach.

Moltar buideál plaisteach don deoch (Níl cead gloine).

Tá cosc ar:

  • Mhilseáin
  • Seacláid
  • Cácaí nó brioscaí le seacláid
  • Deochanna sioscaithe

Má chuireann tuismitheoirí in úil go bhfuil ailléirge ag a bpáiste do chnóanna – agus má tá fianaise ó dhochtúir chun tacú leis, cuirfear cosc ar aon bhia le cnóanna sa scoil.

Má bhíonn cóisir ranga tugtar cead do pháistí rud deas/milseáin a thabhairt leo don lón.

Má bhíonn ‘bia coscaithe’ i mbosca lón páiste cuirfidh an múinteoir ranga in úil don tuismitheoir gur ceart cloí leis an bpolasaí ‘Lón Folláin’.

Latest Posts