oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Measúnú agus Tuairisciú

Tá sé de pholasaí ag Scoil an Duinnínigh dul chun cinn na ndaltaí i réimse an churaclaim a mheas go leanúnach.

Is e atá i gceist le Measúnú Leanúnach ná

  • Braithneoireacht an mhúinteora
  • Tascanna agus trialacha ceaptha ag an múinteoir
  • Tionscadail agus fillteáin an dalta
  • Féinmheasúnú (déanta ag daltaí)
  • Próifilí daltaí
  • Samplaí de shaothar na ndaltaí
  • Tuairisc a choimeád
  • Tuairisc bhliantúil

Beidh an dul i gcomhairle idir tuismitheoirí agus múinteoirí bunaithe ar an  measúnú leanúnach seo.   Déanfar Trialacha Caighdeánacha a riaradh go rialta agus déanfar plé fúthu ag cruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí.  Faoi láthair is iad Trialacha Micra-T/Sigma-T atá in úsáid.  Cuirtear torthai na dTrialacha Caighdeánacha seo sa phost ag tuismitheoiri na ndaltaí i Rang 2 agus Rang 5 gach bliain.

Is é polasaí na scoile tuairisc scríofa amháin a eisiúint agus a sheoladh abhaile ag deireadh na scoilbhliana.  Scriobhann an muinteoir ranga tuairisc ar gach dalta ina rang.Bionn torthaí na dtrialacha a cheapann an múinteoir ranga mar bhonn ar na tuairiscí seo.

  •  Cuirtear na tuairiscí ag an bPriomhoide le síniú
  • Coiméadtar cóip de na tuairisci san oifig.

Measúnú ar Dhaltaí maidir le Teagasc Forlíontach

Eagraíonn an Múinteoir Tacaíochta Foghlama trialacha i bpáirtíocht leis na múinteoirí ranga i gcomhréir leis an bPolasaí Tacaíochta Foghlama.    Úsáidtear:

  • Trialacha caighdeánaithe
  • Trialacha fáthmheasacha
  • Trialacha chumais (briathartha agus neamhbhriathartha)

Déantar Trialacha Scagtha agus Trialacha Caighdeánaithe a riaradh ar leibhéal ranga.  Má bhíonn scór daltaí ag an deichiú peircintil nó faoina bhun nó daltaí a bhfuil amhras ar an múinteoir fúthu, déantar iad a chur ar aghaidh go dtí  an Múinteoir Tacaíochta Foghlama chun go ndéanfaí measúnú orthu le trialacha fáthmheasacha/chumais.  Cuirtear trialacha ar gach dalta i ranganna naionain nó Rang 1.

Gníomhaireachtaí  Seachtracha ag lorg tuairiscí faoi dhaltaí ar leith

Ba chóir na hiarratais seo ar fad a chur faoi bhráid an Phríomhoide.  Nuair a bhíonn an tuairisc scríofa, ba chóir é a thabhairt don Príomhoide chun é a chur ar aghaidh go dtí an ghníomhaireacht sheachtrach. Ba chóir don ball foirne cóip den tuairisc a choimeád agus ba chóir cóip a lóisteáil le taifid na scoile.  Ba chóir cóip den iarratas a choimeád sa chomhad freisin, agus an chúis go raibh sé ag teastáil.  Beidh sé faoi rogha an Phríomhoide iarratais nó tuairiscí íogair a chur faoi bhráid an Bhord Bainistíochta chun iad a chur ar a súile nó comhairle a lorg nó chun ordú a fháil.

Coimeádfar cóip de thuairisc ar dhaltai aonair san oifig. Níl cead ach ag muinteoiri go bhfuil gnó acu leis, muinteoir ranga  agus múinteoir tacaíocht foghlama an dalta an tuairisc a léamh.

Níl cead aon tuairisc a chóipeáil.

 

Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers