oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Nasc Idir Baile agus Scoil

Tá sé aitheanta ag tuismitheoirí, múinteoirí agus Bord Bainistíochta  Scoil an Duinnínigh gurb iad na tuismitheoirí príomhoideoirí an pháiste.  Cuireann nasc fónta idir an baile agus an scoil leis an leibhéal oideachais a gheibheann an páiste.  Chun an nasc seo a chothú is gá go mbeadh gaol folláin oscailte idir tuismitheoirí agus múinteoirí agus go mbeadh meas acu araon ar ról a chéile.

Aidhmeanna

  1. Chun gaol cumarsáide a chothú idir tuismitheoirí agus múinteoirí ar mhaithe leis na daltaí.
  2. Chun nósanna imeachta a chur sa tsiúl chun eolas a roinnt i dtaobh dul chun cinn na ndaltaí.
  3. Chun timpeallacht scoile a chothú ina mbíonn fáilte roimh tuismitheoirí agus caomhnóirí, inar feidir leo dul chun cinn an dalta a phlé leis na múinteoirí.
  4. Chun na tuismitheoirí a spreagadh chun a bheith páirteach i gCumann na dTuismitheoirí.

Cumarsáid

Beidh cruinniú foirmeálta Tuismitheoirí is Múinteoirí gach bliain  inar féidir le gach tuismitheoir bualadh go príobháideach leis an múinteoir ranga.  Beidh an cruinniú ar siúl ag am atá i gcomhréir le rialacha ROE.  Munar féidir le tuismitheoir a bheith i láthair ag an am seo, moltar go ndéanfar socrú bualadh le chéile ag am níos oiriúnaí.

Molann an scoil go mbeadh cruinnithe neamhfhoirmeálta  idir tuismitheoirí agus múinteoirí ó am go chéile, ar iarratas ó cheachtar acu.

Moltar do thuismitheoirí a bheith ar an eolas maidir leis an obair a bhíonn ar siúl ag an bpáiste ar scoil, agus a bheith ar an eolas faoin obair bhaile atá á dhéanamh.  Cuirfear tuairisc fhoirmeálta scoile abhaile ag deireadh na scoilbhliana.

Cuirfear litreacha agus nuachtlitreacha abhaile ó am go chéile i rith na bliana ag cur síos ar ghníomhaíochtaí scoile.

I gcomhréir leis an Acht Oideachais (Leas) (2000), beidh gá le tuairisc scríofa a chur go dtí an múinteoir ranga tar éis do dhalta a bheith as láthair.  .

Beidh lánrogha ag an múinteoir, le cead an phríomhoide,  cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí a bhfuil cáilíocht acu i réimse áirithe, cabhrú leis an múinteoir i dtionscadal éigin sa rang nó i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim.

Cumann na dTuismitheoirí

Aithníonn an scoil na buntáistí a bhaineann le cumann tuismitheoirí gníomhach a bheith ann.  Is féidir leis an gcumann bheith i dteagmháil leis an scoil trí cruinnithe a eagrú idir an cathaoirleach/rúnaí agus an príomhoide, go háirithe tar éis cruinniú ceann bliana nó coiste a bheith ag na tuismitheoirí.   I rith na bliana,  ag gach cruinniú bainistíochta, beidh tuairisc na dtuismitheoirí tofa mar mhír ar an gclár, agus is féidir comhchaidreamh a dhéanamh ar an dóigh sin.  Bíonn fáilte i gcónaí roimh thacaíocht maidir le háiseanna a chur ar fáil, cúrsaí maoine agus cabhair i dtaobh gniomhaíochtaí seach-churaclaim.<

Is den riachtanas é go mbeadh tuiscint ag páirtithe uile de chomhphobal na scoile ar na línte teorann idir na  rólanna/freagrachtaí atá acu araon.  Caithfear seasamh le héiteas na scoile i gcónaí. Seasann an pátrún don  éiteas.  Scoil Chaitliceach, páistelárnach, neamhidirdhealaitheach agus daonlathach is ea í.  Dá bhrí sin, is cóir go mbeadh comh-mheas á chur in iúl ag na páirtithe éagsúla i gcónaí – páistí, tuismitheoirí, foireann agus bainistíocht.

Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers