oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Tinreamh Scoile

Tá sé mar chuspóir againn i Scoil an Duinnínigh:

  1. a mholadh do dhaltaí dul chun na scoile go rialta agus go poncúil.
  2. go mbeadh comhphobal na scoile ar fad gafa le cothú tinrimh.
  3. comhphobal na scoile a chur ar an eolas maidir le ról agus freagrachtaí, de réir an Achta.
  4. daltaí a aithint a d’fhéadfadh a bheith i mbaol fadhbanna maidir le tinreamh.
  5. a chinntiú go bhfuil nósanna imeachta ag an scoil chun tinreamh/rannpháirtaíocht a chur chun cinn.
  6. comhchaidreamh a fhorbairt, de réir mar a mbíonn acmhainní ar fáil, idir an scoil agus clanna na bpáistí a d’fhéadfadh a bheith i mbaol fadhbanna maidir le tinreamh.
  7. sainaithint a dhéanamh ar na bacanna i gcoinne tinrimh, agus deireadh a chur leo, chomh fada agus is féidir.

Cinnteoidh an scoil:

  • Go gcuirfear chun cinn tábhacht an tinrimh ar fud na scoile.
  • Go gclárófar daltaí i gceart agus go héifeachtach.
  • Go ndéanfar taifead ar thinreamh go laethúil.
  • Go ndéanfar teagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí i dtaobh neamhláithreachtaí a bhfuil cúiseanna anaithnid acu nó i gcás nár tugadh cúis.
  • Go ndéanfar monatóireacht ar thinreamh agus poncúlacht.
  • Go ndéanfar staitisticí tinrimh a thuairisciú, de réir mar ba chóir go:   
    • an Bord um Leas Oideachais
    • an tOifigeach Leasa Oideachais 
    • an Bord Bainistíochta

Poncúlacht

Bíonn an scoil ar oscailt ó 8.55 a.m. agus tá sé riachtanach go mbeadh daltaí ina gcuid seomraí ranga ag a 9.15 a.m. ar a dhéanaí. Tá sé de dhualgas ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí bheith in am. Déanfaidh an scoil teagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí i gcás daltaí a bhíonn déanach go seasta. Tá sé de dhualgas faoin Acht ar an bPríomhoide tuairisc a thabhairt don mBord um Leas Oideachais i gcás daltaí a bhíonn déanach go seasta.

Treoir do thuismitheoirí

Deireann Alt [(21) (9)] den Acht go “measfar nach bhfuil mac léinn as láthair ón scoil i gcás ina bhfuil aon tréimhse neamhláithreachta údaraithe ag an bpríomhoide agus go mbaineann sí le gníomhaíochtaí a bheidh eagraithe ag an scoil nó a bhfuil baint ag an scoil leo”. Ní féidir leis an príomhoide neamhláithreacht daltai a údarú i dtaobh saoire i rith am scoile. Tá sé riachtanach, áfach, go gcuirfeadh na tuismitheoirí in iúl don scoil maidir le socruithe mar seo.

Caithfear cúiseanna neamhláithreachta a chur in iúl don scoil i scríbhinn ag tuismitheoirí/caomhnóirí agus coimeádfaidh an scoil na cáipéisí seo. Le cuidiú leis seo, ní cóir go mbeadh a leithéid de theachtaireachtaí sa dialann obair bhaile, ach ar leathanach eile nó ar bhileog. Má bhíonn dalta as láthair, ba chóir don dalta nóta scríofa a thabhairt mhúinteoir ar theacht ar ais dó, ar a bhfuil ainm an dalta, dátaí agus fáth. Beidh na nótaí seo mar thaifead a d’fhéadfadh an t-oifigeach leasa oideachais a scrúdú ar cuairt chuig na scoile. Déanfaidh an scoil teagmháil leis an Oifigeach Leasa Oideachais in éagmais cúiseanna i scríbhinn a bheith faighte ag an scoil. Déanfaidh an scoil teagmháil le tuismitheoirí in éagmais cúis neamhláithreachta scríofa a bheith faighte ag an scoil.

Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí dea-thinreamh a spreagadh trí:

  • Poncúlacht agus tinreamh rialta a chinntiú.
  • Cur in iúl don scoil munar féidir lena gcuid páistí freastal ar scoil ar chúis ar bith.
  • Comhoibriú leis an scoil agus an tseirbhís Scoile agus Oideachais chun fadhbanna tinrimh a shárú.
  • Cinntiú go dtuigeann na páistí go dtacaíonn tuismitheoirí le tinreamh scoile.
  • Neamhláithreachtaí pleanáilte a phlé leis an scoil.
  • Más féidir in aon chor, saoire in am scoile a sheachaint.
  • Suim a léiriú i dtaithí scoile na bpáistí agus ina gcuid obair bhaile.
  • Iad a spreagadh chun páirt a ghlacadh in imeachtaí scoile.
  • Moladh agus spreagadh a thabhairt dá gcuid páistí.
  • Féin-íomhá dearfach a chothú ina gcuid páistí, chomh maith le meon dearfach maidir lena bhfiúntas pearsanta féin.
  • Cur in iúl don scoil i scríbhinn na fáthanna nach féidir le dalta a bheith ar scoil.
  • Cinntiú, chomh fada agus is féidir, go socraítear cinní (le fiaclóirí 7rl) ag amanna lasmuigh d’uaireanta scoile.
  • Teagmháil a dhéanamh leis an scoil láithreach, i gcás cúiseanna imní maidir le tinreamh nó ábhair ghaolmhara eile.
  • Cur in iúl don scoil roimh ré i scríbhinn i gcás go mbeadh páiste/í le bailiú ag duine nach bhfuil aithne ag an múinteoir air.

Daltaí

Tá sé de dhualgas soiléir ar dhaltaí bheith i láthair ar scoil go rialta agus go poncúil.

Caithfidh daltaí aon fhadhb a choimeádfadh ón scoil iad a chur in iúl don bhfoireann.

Tá daltaí freagrach as nótaí asláithre óna dtuismitheoirí a thabhairt suas gan mhoill don muinteoir ranga.

Tá daltaí freagrach as comhfhreagras scoile a thabhairt suas dá dtuismitheoirí, ar an lá luaite.

Straitéis chun deathinreamh scoile a chothú

Is mian leis an mBord Bainistíochta atmaisféar dearfach a chothú sa scoil chun dea-thinreamh a chur ar aghaidh.  Chuige seo:

  • Bíonn curaclam na scoile so-lúbtha, chomh fada agus is féidir, agus oiriúnach do riachtanais an pháiste indibhidiúil.
  • Cothóidh an scoile forbairt dea-féinchoincheapa agus féinmheasa i measc na ndaltaí.
  • Beidh tacaíocht curtha ar fail le haghaidh daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i gcomhréir le treoirlínte ROE.
  • Internal communication procedures are in place to inform teachers of the special needs of pupils.
  • Beidh córas duaiseanna ar leith ann chun dea-thinreamh scoile a chothú.  .
  • Bainfear úsáid as seirbhísí An Oifigigh Oideachais (Leas).
  • Déanfaidh an múinteoir ranga monatóireacht ar rátaí tinrimh na ndaltaí i dtús báire, agus cuirfidh sé/sí an Príomhoide ar an eolas maidir le dalta ar bith a bhfuil bhfuil fadhb tinrimh aige/aici.
  • Daltaí a bhfuil drochthinreamh á chleachtadh acu, tabharfar cuidiú dóibh, chomh fada agus is féidir, chun feabhas a chur ar an dtinreamh.

Príomhoide Scoile

Déanfaidh an Príomhoide

  • A chinntiú go bhfuil clárleabhar na scoile líonta isteach go rialta i gcomhréir leis an rialúchán.
  • An tOifigeach Oideachais (Leas) a chur ar an eolas
    • Muna mbíonn dalta ag freastal ar scoil go rialta
    • Nuair a bhíonn dalta as láthair ar feadh breis is 20 lá i rith na scoilbhliana
    • Nuair a bhíonn dalta ar fionraí ar feadh breis is 6 lá
    • Nuair a bhaintear ainm dalta den gclár scoile
  • Tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi chinneadh a bheith déanta chun dul i dteagmháil leis an Oifigeach Oideachais (Leas) maidir le himní i dtaobh dalta
  • Chomh fada agus is féidir, tábhacht an dea-thinrimh a chur ar aghaidh i measc daltaí, tuismitheoirí agus foireann na scoile.

Múinteoir Ranga

Déanfaidh an múinteoir ranga::

  • Leabhar rolla na scoile  a bheith líonta isteach de réir na rialacha
  • Taifead a choimeád maidir le neamhláithreachtaí le agus gan míniú
  • Teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí nuair nach mbíonn eolas faoi neamhláithreachtaí ar fáil i scríbhinn.
  • Córas duaiseanna a bhronnadh le haghaidh daltaí a mbíonn tinreamh den scoth acu.
  • Na daltaí a spreagadh chun freastal go rialta agus go poncúil.
  • An Príomhoide a chur ar an eolas má bhíonn imní air/uirthi maidir le tinreamh dalta ar bith.

Taifead/Cumarsáid

I gcomhréir le srianta  Acht um Chosaint Sonraí cuirfear ar aghaidh sonraí tinrimh agus iompraíochta chomh maith le torthaí acadúla daltaí a aistríonn go dtí bunscoil eile go dtí Príomhoide na scoile, sa phost, chomh luath agus a fhaightear fógra i scríbhinn faoin aistriú.

Lorgófar sonraí tinrimh agus iompraíochta chomh maith le torthaí acadúla daltaí a aistríonn ó bhunscoil eile go díreach ón scoil ar a raibh an páiste ag freastal  roimhe sin.   Cuirfear ar aghaidh sonraí tinrimh agus iompraíochta chomh maith le torthaí acadúla daltaí a aistríonn go dtí scoil dara leibhéal, má iarrtar iad, go dtí an scoil chomh luath is a fhaightear deimhniú rollaithe.

 

Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers