oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Rang A Dó Ag Rith !

Maidin inné bhí sioc mar chlúdach ar an gClós Glas. Bhí nimh san aer. Bhí cótaí móra agus hataí agus miotóga orainn ar fad agus muid ag teacht ar scoil. Buíochas le Dia bhí an teas lárnach ag obair sna seomraí ranga !

Bhí an talamh íontach sleamhain agus cé go mbíonn Corp Oideachas ag Rang A Dó go moch ar maidin Luain gach seachtain, ní raibheamar in ánn dul amach mar gheall ar an sioc ! Chomh maith le sin bhí Cór na Scoile ag cleachtadh sa halla. Bheartaíomar fanacht agus tabhairt faoin spórt um thráthnóna, tar éis don ghrian an sioc a leá.

 

Woo hoo ! Ag deireadh thiar thall, tar éis dúinn tamall maith a chaitheamh leastigh agus suite síos, bhí sé in am dúinn dul ag bogadh timpeall. Ar dtús chuireamar na cótaí orainn, Mí Eanair atá ann go fóil. Amach linn ar an gClós Glas chun téamh suas a dhéanamh. Chraitheamar amach na cosa agus bhogamar na cinn ar chlé agus ar dheis go mall chun ár matáin a dhúisiú !

 

Chuala sibh trácht is dócha ar Sonia O Sullivan agus lúthchleasaithe móra eile na hÉireann ! Bheul tá Rang A Dó ag dul sa treo ceart mar as go brách linn timpeall na scoile leis na cosa in airde. D’éirigh linn cileaméadar amháin ag rith, gan stró ! Sin míle méadar ! Bhíomar ag ánálú go trom agus muid críochnaithe ach ní raibh deireadh leis an spraoi go fóil !

 

Ar aghaidh linn go dtí an Raon Reatha, agus bhí rásaí tapaigh againn anseo.

Féach ar theicníocht na bpáistí anseo, cos amháin chun tosaigh agus an lámh eile chun tosaigh chomh maith ! Maith sibh !

Tá an teicníocht céanna le feiscint anseo !

 

 

Bhí na páistí ar fad ag bogadh ar luas lasrach !

 

 

Nuair a bhuail an clog le ham dul abhaile a fhógairt bhíomar ar fad sona sásta linn féin. Bhíomar tar éis bheith ag spraoi agus ag bogadh timpeall amuigh faoin aer, le meangadh gáire orainn, lenár gcairde. Cheap gach uile duine go raibh lá den scoth againn! Agus beidh laehannta mar seo againn go min-minic, nach bhfuil an t-ádh linn i Scoil An Duinnínigh!

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers