oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Rang a hAon Sna Sléibhte!!!

Wow, le tamall anuas bhíomar ar fad sa scoil fíorghnóthach ar fad. Ó thuas Meithimh bhí aimsir den scoth againn agus bhí go leoir imeachtaí éagsúla sa scoil againn ó shin.

 

 

Chaith an dhá Rang a hAon an bhlian ag obair go dian agus ag tús na míosa seo bheartaigh na múinteoirí Ciarán agus Morgan go raibh sos agus turas tuillte acu !

 

 

Thánamar ar scoil go deas luath an mhaidin sin. Bhí gach uile duine cinnte go raibheadar tar éis dul go dtí an leithreas, cé nach raibh turas ró-fhada againn ar an M1 go hArd Mhaca. Thógamar caipíní linn, chun sinn a chosaint ó sholas láidir na gréine, agus fiú cúpla milseáin.

Bhíomar ag dul go Sliabh Cuilinn, áit ina raibh Fionn, Oisín, Diarmuid agus Gráinne agus fiú Cú Chulainn é féin fadó fadó. Taithníonn na finnscéalta go mór linn, agus dá réir bhíomar ar fad ar bís faoin dturas seo!

 

 

Is breá linn dúlra na tíre seo chomh maith, agus bíonn sé go deas a bheith amuigh faoin aer faoin dtuath agus ón nóimead gur stop ár mbus thuigeamar go raibheamar chun turas den chéad scoth a bheith againn.

 

 

 

 

Ní raibh scamall ar bith sa spéir, chualamar na héin ag canadh os ár gcionn, chonaiceamr na feithidí ag rith trín bhféar agus bhíomar ar fad faoi dhraíocht ag na síoga sléibhe.

Ar an mbus agus muid ag filleadh abhaile, bhíomar tuirseach traochta agus lán sásta leis an lá a chaitheamar amuigh faoin aer ag siúl agus ag dreapadh agus ag spraoi san áit céanna ina raibh Fionn agus Cú Chulainn ag siúl agus ag dreapadh agus ag spraoi!

B’fhéidir nach raibh milseáin nó picnicí acu ach sin scéal eile. . .

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers