oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Reilig An Duinnínigh!

 

Inné, ar an 30ú lá Bealtaine 2017 d’imigh grúpa páistí ar thuras go Glas Naíon. Ba thuras fíor speisialta a bhí ann, toisc gur bunnaíodh ár scoil 30 bliain ó shin. Bhíomar ann chun cuimhne a dhéanamh ar an tAthar Pádraig Ó Duinnín atá i gcré na cille i nGlas Naíon.

 

 

Ó thosaigh an scoilbhliain seo bhí páistí sna h-ardranganna ar fad ag obair agus ag foghlaim faoin stair a bhaineann leis an tAthar Ó Duinnín. Bhí meascán de amhráin, pictiúir, drámaí agus tionscnaimh déanta againn faoin saol a bhí aige agus faoin dtionchur a bhí aige ar stádas na Gaeilge timpeall céad bliain ó shin . Roghnaíodh páistí a chuir sár-iarracht isteach sna saothair seo le teacht ar an dturas. Ag deireadh thiarr thall bhí 46 páiste le teacht linn ar an mbus.

 

 

Dár ndóigh tá cúpla cara ag Scoil An Duinnínigh i Reilig Ghlas Naíon agus cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romhainn ann. An t-aon rud a bhí in easnamh nuair a thuirlingíomar ón mbus ná cairpéad dearg! Bhí oifigí agus treoirithe ann ón reilig le teacht linn go dtí an uaigh ! Deirtear go bhfuil 1.5 milliún daoine sa chré i nGlas Naíon agus gan an treoirí oifigiúl, is dócha go dtógfadh sé tamaill fada orainn uaigh an Duinnínigh a aimsiú. . .

 

Bhí sé de thuiscint ag ár bpáistí nach ar ghnáththuras scoile a bhíodar agus bhíomar ciúin agus béasach sa reilig, mar is cóir, toisc go raibh daoine ón bpoball ann ar chuairt agus ag guí agus bhí soicread nó dhó á réachtáil fiú. Tá moladh tuillte ag na daltaí mar gheall ar an dtuiscint seo a bhí acu agus an meas a thaispéanadar. . .

 

Ar aghaidh linn go dtín uaigh. Bhaillíomar timpeall na leice agus dúramar an “Ár n-Athair” agus “Sé’ Do Bheatha Mhuire” agus muid cruinnithe ansin. Arís ba léiriú é seo dúinn nach gnáththuras a bhí ann ach go raibheamar tagtha chun ár mbuíochas a ghabháil leis an tAthar Ó Duinnín, agus chun ómós a thabhairt dó. Ansin i lár na reilige, thógamar amach na huirlisí ceoil agus chanamar an tAmhrán Náisiúnta go binn. Ba álainn an radharc é geansaithe gealla na scoile a fheiscint i measc na gclocha liath. .

 

De labhair an treoirí oifigiúl  Pádraig linn ansin agus d’inis sé dúinn faoin saol a bhí ag Ó Duinnín agus é ina pháiste sa Rath Mhór i gCiarraí. D’inis sé dúinn faoin gcairdeas a bhí ann idir Ó Duinnín agus Pádraig Mac Piarais agus go raibh ardmheas acu beirt ar theanga na tíre. D’inis sé dúinn faoin mbás a bhí ag Ó Duinnín i 1934 , agus é go fóil i leabharlann, agus ana chuid leabhair Gaeilge timpeall air!

 

Ansin , cé nach raibh na múinteoirí ag súil leis ar cor ar bith bhronn Ard Oifigeach Ghlas Naíon George Mac An Uladh agus an Príomhthreoirí Pádraig macasamhail de phictiúr ó Ghailearaí Náisiúnta Na hÉireann orainn. Bhí ana-bhród ar na daltaí glacadh le seo, agus beidh portráid den tAthar le fescint as seo amach sa scoil, ionas go dtuigfidh gach cuairteoir an cúlra agus an stair a bhaineann le hainm na scoile. Bhronnamar féin cóip de fhoclóir iomráiteach an Duinníngh ar Oifigí Na Reilige. Tá sean-aithne ag na páistí ar an bhfoclóir seo toisc go bhfuil cóip de i ngach rang sa scoil!

 

Ansin , ní raibh deireadh leis an lá! Bhí an t-ádh linn go raibh Oifigí Na Reilige sásta turas tapaigh a thabhairt dúinn timpeall na háite. Chonaiceamar an áit ina bhfuil Charles Stewart Parnell curtha agus 12,000 duine eile istigh sa chré leis, theastaigh uaidh go mbeadh sé i measc cosmhuintir na tíre agus é sínte faoin bhfód seachas na huaisle. Ta uaigh simplí aige , níl ann ach cloch mór d’eibhear Chill Mhantáin idir dhá chrann , agus níl scríofa air ach “Parnell”.

 

As go brách linn ansin go dtí tuama Daniel O Connell. Tá an tuama is maisithe aige i nGlas Naíon , agus cloigtheach iomlán os a chionn. D’fhoghlaimíomar faoin am gur shábháil cailín as Ciarraí agus a cuid Gaeilge Daniel O Connell nuair a cuireadh nimh ina ghloine agus é thall i Lonadain. Tugadgh an rabhadh seo as Gaeilge agus d’éirigh leis teacht slán toisc nár thuig duine ar bith eile a bhí ina chuideachta an méid a bhí ráite ag an gcailín Gaelach leis! Chomh maith le sin leagamar méar ar a chónra rud, (deirtear!),a chinnteoidh go mbeidh an t-ádh linn as seo amach inár scrúdaithe litriú ar scoil agus ar bhealaí eile. . .

 

 

 

Ansin d’ímíomar timpeall agus tríd na huaigheanna go dtí gur bhaineamar uaigh Mhíchíl Uí Choileáin amach. D’fhéachamar ar na bláthanna a thagann go dtí an uaigh seo go rilata , ó ghach taobh den Domhan, agus tagann cuairteoirí rialta ón bhFrainc agus ó Mheiriceá go hÉirinn díreach le bláthanna a chuir anseo. D’éisteamar go géar leis an scéal faoi Kitty Kiernan agus an saol a bhí aicí tar éis bás Uí Choileáin. Ghlaogh sí Michael Collins ar an dara pháiste a bhí aicí, agus theastaigh uaithi ar leaba a báis go gcuirfí sa chré i nGlas Naíon in aice lena seanbhuachaill cara í . . . Bhí ana chuid staire le foghlaim ach d’éirigh linn teacht ar nath nua as Gaeilge chomh maith . “Bhí lámh is focal tugtha dá chéile acu” – más féidir le duine ar bith é seo a mhiniú thuas staighre i Rang a 5 , tuillfidh siad cárta glas dá rang!

 

 

 

 

 

 

 

D’fhilleamar ar an mbus go sona sásta, beidh cuimhne againn ar dtús báire ar an dturas íontach, ach níos tábhachtaí ná sin beidh cuimhne agus tuiscint againn ar an tAthar Ó Duinnín agus na hiarrachtaí a rinne sé ar son na Gaeilge . . . Agus muid ag fágaint na háite luaigh cúpla cuairteoir nach bhfacadar scoil chomh béasach raimh, agus go raibh sé go hálainn ar fad a bheith ag éisteacht le páistí óga ag caint lena chéile as Gaeile. Is cinnte go mbeadh an tAthar Ó Duinnín sásta linn.

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers