oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Roicéidí Ranga os cionn na Scoile

 

Tamaillín ó shin bhí súile na scoile casta i dtreo na spéire agus bhí páistí agus múinteoirí araon ag ceistiú a chéile. Cad é sin atá sa spéir ? An éan é ? An eitleán é ? Bhí daoine áirithe ag ceapadh go raibh UFOs tar éis cuairt a thabhairt orainn. Mar a tharlaíonn uaireannta tá an fíorscéal níos suimiúla ná aon scéal cumtha.

Creid nó ná creid ach bhí innealtóirí Rang a Sé tar éis neart oibre a dhéanamh le linn na seachtaine agus bhíodar tar éis a roicéidí féin a sheoladh in airde go dtína scamaill.

 

Ba mhór an éacht é seo dár rang. Bhí neart le foghlaim againn ar dtús faoi bhrú aer agus ansin faoi chonas mar a ghearann cruth áirithe trín aer agus é ag gluaiseacht. D’fhéachamar ar samplaí ón nádúr le tuiscint a bheith againn ar chúrsaí aeraidinimice. Theastaigh uaim go mbeadh cón mar shrón ag na roicéidí le cabhrú leo bogadh go tapaigh agus go díreach.

D’fhéachamar chomh maith  ar eirbeall eitleán chomh maith agus thugamar faoi ndearadh go raibh sciatháin sa bhreis no “eite” orthu, arís chun iad a choiméad díreach agus iad ag gearradh trín aer.

 

 

 

An bhfeiceann tú an roicéad ?

Mar chuid lárnach den turgnamh seo bhí orainn corc a bheith againn le haghaidh gach roicéad. Bhí neart tuismitheoirí sásta buidéal fíona a ól ar son na cúise, go raibh maith agaibh ! Freisin bhí orainn neart buidéil plaisteacha a bhaile, bíonn gá le péire le haghaidh gach roicéad.

 

 

‘Séard a tharlaíonn na go gcuirtear snaithid atá ceangailte le teannaire tríd an choirc. Líontar an buidéal le huisce , go dtí go bhfuil sé timpeall ar leath slí lán. Ansin, go láidir brútar an corc isteach i mbéal an bhuidéil, go dtí go bhfuil sé greamaithe ann. Leis an teannaire cuirtear aer isteach sa bhuidéal arís agus arís eile , ní féidier leis an t-uisce nó an t-aer éalú agus méadaíonn an brú sa bhuidéal . Cuirtear níos mó aer isteach ann , ardaíonn an brú agus nuair atá brú ard go leoir séidtear amach an t-uisce cosúil le scairdinneall.

 

Tá brón orainn faoin mBéarla !

 

Nach mór an spórt agus spraoi a bhí againn ag séideadh na roicéidí seo i dteo na spéire. Bhí na páistí sna ranganna eile thuas staighre ag féachaint amach agus íonadh orthu.

 

                                                                                        UFO sa scoil ? ? ?

Bhí iontas agus alltacht ar na naíonaín, iad a gobadh na méara chun na Flathais, ag leanúint na roicéidí agus an lorg-uisce a d’fágadar taobh thiar dóibh.

 

 

 

Bhaineamar an-taitneamh as an gceacht seo, agus tá ráflaí ag dul timpeall na scoile go bhfuil roicéad mór mílteach á dhéanamh againn chun an chéad pháiste Éirinneach a sheoladh go dtí an spás ! Cá bhfios ? Ar aon nós d’imigh na páistí abhaile go sona sásta, fliuch le huisce, salach le péint agus le tuiscint i bhfad níos fearr ar an tábhacht agus an leas a bhaintear as brú aer sa saol.

 

Is eolaithe óga muidne go cinnte !

 

Más mian le páiste ar bith, nó múinteoir fiú breis eolais faoin saothar seo tá míle fáilte romhaibh teacht ar chuairt, taispéanfar an fearras ar fad agus fiú cúpla roicéad duit. . .

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers