oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

S. An D. Sa Chraobh Peile!!!

Scoil An Duinnínigh  5-18

ETNS Dómhnach Bat     3 -8

 

Baile Anraí , 23/5/2017

 

 

Lá breá brothallach te a bhí ann i bpáirceanna Bhaile Anraí tráthnóna inné. Bhí na himeoirí óga ar ár bhfoireann sóisear ag cinntiú go raibh dóthain uisce ólta acu mar thuigeadar go maith gur leathchraobh fíor thábhachtach a bhí anseo dóibh. Dá mbeadh bua againn , bheadh muid ag dul tríd go dtí an Cluiche Ceannais. Dá mbeadh aon toradh eile againn bheadh muid ag fágaint slán leis an gcomórtas.

 

Is maith an rud é, dá bharr , nach raibh aon fhonn asalaíochta ar ár imreoirí agus go raibheadar dírithe ar an gcluiche a bhí le teacht. Bhí slua breá atharacha agus máithearacha seasta ar an dtaobh líne chun tacaíocht a thabhairt dúinn agus iad ag guí go mbeadh an bua againn!

 

Ag tús an chluiche , bhíomar ag imirt i gcoinne na gaoithe, ach bhí tromlach den seilbh agus na hiarrachtaí againn mar sin féin. Theastaigh uainn an cluiche seo a bhuachaint go géar agus ba léir sin ón stíl agus luas imeartha sa chéad leath . Tús maith leath na hoibre deirtear, agus is mar sin a bhí againn go cinnte! D’oscail Oisín Ó Riann – fear atá an-chruinn lena chiotóg agus Darach Ó Géíbheannaigh an cúntas scórála dúinn. Gan a thuille moille bhí breis scóranna aimsithe ag Jamie Ó Mac Diarmada agus Marc Mac An Coille , béirt ógánach ó Rang a 4 ,ach cumas breá peile iontu. . .

 

Bhí bearna á oscailt aginn go luath sa chéad leath, ach , íontas na n-íontas, thiteamar inár gcodladh beagáinín agus ar an bhfrithionsaí d’aimsigh Dónach Bat cúpla cúl dóibh féin. Bhí tosaithe tapaigh agus slachtmhar acu agus bhíodar ag cruthú deacrachtaí dár gcosainteoirí nuair a bhíodar ag bogadh agus ag pasáil na liathróide go tapaigh. Bhí ar Bhainisteoir na Míosa (Bealtaine 2017) Mairtín Ó Maonaigh, roinnt daoine a bhogadh timpeall i measc na gcosainteoirí , agus d’impigh sé ar roinnt daoine eile dúisiú láithreach !

Chun cothrom na féine a thabhairt dár gcúlaithee , dhúisíodar agus ansin bhí an lámh in uachtar againn ar thosaithe ár bhfreasúra. Sa chéad leath bhí Christian Ó Muilleoir ina rí ar an leath líne cosainte agus bhí sé de chlisteacht aige bheith ag bogadh ó thaobh go taobh nuair a bhí Conor Ó Mathúna ag iarraidh imreoirí a aimsiú leis na ciceanna amach. Bhuaigh Christian nachmór gach aon chic a tháínig ina threo agus ansin le Pearse Ó Donnchú, Jonny Ó Miadaigh agus Peadar Ó hIcí ag tabhairt pasanna tapaigh agus fada chun cinn , bhí deis ag na tosaithe óga scrios a dhéanamh.

 

 

 

 

 

Cosúil le Christian Ó Muilleoir!

 

 

 

Bhíomar cruinn agus ciallmhar ós comhair an chúil agus murach sáriarrachtaí an chúlbáire, bheadh níos mó cúil aimsithe ag léithéidí Uí Ghéabhnaigh nó Mhic Diarmada. Stopadh cúpla iarracht ar an líne agus bhí an mí-ádh ceart orainn gan iad a chríochnú.

 

Ag leathama d’éist na himreoirí ar fad leis na treoireacha ó Mhairtín agus ghlacadar sos beag . Bhí gach duine báite le hallas mar gheall ar an teas. Leanamar orainn ag dul ó neart go neart sa dara leath agus léirigh gach imreoir a tháinig chun páirce an cumas a bhí iontu. Nuair a tháing Dónach Bat ar an ionsaí , (rud nár tharla go ró-mhinic!) , bhí Conall Ó Raghallaigh agus Liam Aighleart ag fanacht orthu go fíochmhar agus ghlan an beirt fhathach seo ana chuid sa dara leath. Bhí Dean Ó Brádaigh sochar agus sábhálta agus stuama agus é seatsa sa chúl , agus bhí deá-thionchur aige ar mheoin na foirne.

 

   Cosúil le Conall ag Cosaint go Cróga!

 

 

Tháinig na fir ionaid ar an bpáirc , Jack Ó Caollaí ina measc agus bhí cuma fíor-dháinséarach orainn chun tosaigh. Bhí na deiseanna scórála á scaipeadh timpeall againn agus ní raibheamar santach os comhair an chúil rud a chinntigh go raibh scóranna deasa foirne á aimsiú ag na tosaithe ar fad.

Bhí na cosa in airde anois againn agus  leanamar ar aghaibh mar seo go dtí gur chualamar séideadh na feadóige ag deireadh an chluiche. Ba é Aodh Ó Connchubhair a d’aimsigh an scór deireannach, agus an liathróid á lascadh go barr an aingigh aige i ndiaidh do Phearse agus Christian timpeall 60 méadar a chuir fuathu i gcoach na súl . Cúl breá foirne eile a bhí ann , agus is taispeántas breá foirne a bhí againn inné.

 

 

Dár ndóigh tá orainn tréalsú leis an bhfreasúra a bhí againn inné . Tá tuiscint againn ar chluiche móra a chailiúint chomh maith agus bhí sé dé bhéasaí againn gach lámh a chraitheadh ag deireadh an lae. Mar nóta brollaigh, d’inis ár mbainisteoir Mairtín dúinn nach raibh faic buaite go fóil againn ach go bhfuil an cluiche is mó fós ag druidim linn. Bhí lúcháir orainn ag filleadh abhaile toisc go bhfuil Scoil An Duinnínigh ar ais sa Chraobh arís. Leanfaidh an fhoireann óg seo ar aghaidh ag cleachtadh agus ag ullmhú , le cinntiú go ndéanann siad sár iarracht greim a ghlacadh ar an gCorn i bPairc Pharnell go luath.

 

Foireann :   D. Ó Brádaigh

C. Mac Andair C. Mac Mathúna C. ÓCeallaigh

C. Ó Raghallaigh C. Ó Muillear L. Aighleart

      J. Ó Miadaigh  P. Ó Donnchú

A. Ó Connchubhair P. Ó hIcí   J. Mac Diarmada

M. Mac An Coille, D. Ó Géibheannaigh O. Ó Riann

 

Fir Ionad : J. Ó Caollaí ,S. Ó Muineóg, T. Ó Dónaill, C. Ó Dufaigh T. Pennie C. Ó Brádaigh

 

 

Laoch an Chluiche : Oisín Ó Riann (R4)

Captaen Na Foirne : Peadar Ó hIcí (R5)

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers