oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Saineolaithe Inár Measc!!!

A Chairde tá eolaithe óga Rang A Trí ag obair go dian mar is gnáth. Bhíomar ag foghlaim le déanaí faoi uisce !

 

 

 

Bhíomar ag fiosrú agus ag faire ar an t-uisce mórthimpeall orainne sa bhaile agus ar scoil. Bhíomar ag smaoineamh agus ag samhlú faoin slí go dtagann an t-uisce chugainn ón bhfarraige agus faoin slí go n-imíonn sé ar ais arís go dtí an fharraige.

 

 

An raibh a fhios agat go bhfuil ana-chuid uisce faoin talamh? Agus go mbíonn sé ag bogadh faoin talamh ? Bhí an t-ádh dearg linn gur tháinig Monica agus Sara ón Súirbhéacht Gheolaíochta Éireann ar chúairt chugainn.

 

Is saineolaithe cearta iad agus d’éirigh linn a lán rudaí nua a fhoghlaim, agus d’éirigh linn an-taitneamh a bhaint as na turgnaimh íontacha a bhí acu !

 

 

 

Cheap an rang gur slí íontach a bhí ann le bheith ag foghlaim faoin méad atá ag tarlú faoin talamh gach aon lá cé nach féidir linn na rudaí sin a fheiscint. Seo cúpla tagart ó na páistí iad féin:

 

Cian Andreucetti“Bhí sé níos fearr ná gnáth lá sa rang mar bhí muid in ánn pumpáil a dhéanamh ar uisce faoi thalamh. Bhí muid ábalta uisce a bhrú anuas le dath ann agus chonaic muid an dath sinn ag bogadh timpeall”

 

 

Abi Ní Dhuibhir: “Bhí muid ag féachaint ar na boscaí lán le gainneamh agus ag féachaint ar na dathanna gorma, dearga agus glasa á chuireamar isteach ann. Bhí sé ar nós go raibheamar faoin talamh!”

 

Fionn Ó Baíolláin: “Bhí sé ana-mhaith mar bhí muid ag foghlaim conas gur tháinig an t-uisce ón spéir anuas agus conas go ndeachaigh sé faoin talamh agus isteach sna haibhneacha agus san fharraige.”

 

Arsa Ruby Ní Bhroin: “Ba mhaith linn go raibh maith agat a rá le Monica agus Sara ón GSI a tháinig go dtí ár rang. Thaispeáin sin a lán rudaí dúinn agus bhaineamar an-taitneamh as an lá. Ba bhreá dá dtiocfadh sibh ar ais agus muid i Rang A 4 !”

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers