Tá Scoil An D. ag dul go Craobh Iománaíochta i bPáirc Pharnell !!!
Le blianta beaga anuas ní raibh foireann ar bith iománaíochta againn anseo ar scoil. Bheartaigh na múinteoirí teacht le chéile agus an scéal sin a athrú ! Tá áthas orainn a rá go bhfuil foireann camógaíochta agus iomána ag imirt arís agus dathanna na scoile orthu. Nach breá an rud é!
Thosnaíomar amach ag tús Méan Fómhair ag traenáíl ar an gclós glas nua. Bhí meascán de imreoirí le taithí againn agus daoine eile a bhí ag tosnú amach. Ní raibh a fhios ag duine ar bith conas mar a bheadh againn sna cluichí a bhí amach romhainn.
Bhí 3 cluiche againn sa ghrúpa mar chuid den Fingal League – Iomáint. Bhuamar an chéad cheann, in aghaidh Croí Ró Naofa as iarthar an chontae. Bhíomar lán-sásta. Bhí ár ndóchas tar éis méadú.
Ansin bhí cluiche dian as baile againn in aghaidh Naomh Seachnall i gContae na Mí. Sa bháisteach bhíomar chun deiridh ag leathama ach níor chaill iománaithe an Duinnínigh misneach riamh. Le sár-thaispeántas agus imirt chróga d’éirigh linn an lá,h an uachtar a fháil ar an bhfreasúra. Le bua eile bhían muinín ag fás ionainn an t-am ar fad.
Sa chluiche deirneach sa ghrúpa bhíomar in aghaidh Scoil Chill Choscain, an uair seo sa bhaile arís. Bhí an ghrian gheal, an lá fuar agus an pháirc ollmhór. Bhíorainn ár gcuid scil agus aclaíochta a úsáid chun an cluiche seo a bhuachaint. D’éirigh linn ar deireadh agus thuigeamar ansin go raibh muid go cinnte ag dul tríd go craobh i bPáirc Pharnell.
Tá na himreoirí agus pobal na scoil ar bís. Tá seantuismitheoirí ag taisteal go Baile Átha Cliath ó bhun go barr na tíre le bheith i láthair ag an gcraobh iománaíochta. Beidh sé ar siúl Dé Máirt an 15ú Deireadh Fómhair. Beidh buachaillí na scoile ag imirt ag a 10, ansin, beidh cailíní na scoile i gcraobh eile ag a 11. Tagaigí chun tacaíocht a thabhairt dúinn !
Tá bratacha crochta sa scoil, tá póstaerí ar na ballaí, tá próifílí de na himreoirí le léam timpeall na scoile. Caithfear moladh a thabhairt don dá fhoireann íontach atá againn. Ní neart go cur le chéile agus Scoil an D abú !