oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Mmm Mmm Im !

Rinneamar Im Blasta Sa Rang !!!

A Chairde, le tamall beag anuas bhí Rang a Dó ag foghlaim faoi na seanlaethanta ! Níor chreideamar nach raibh cuisneoirí ag na daoine fadó, agus nach raibh siopaí móra ann ach oiread. Bhí ar na daoine bia a dhéanamh dóibh fhéin !

Bhíomar ag foghlaim freisin faoin tábhacht a bhain le na ba. Tuigeann an rang anois go dtagann an-chuid rudaí ó na ba. Bainne, uachtar, cáis, uachtar reoite agus im. Chun seo a thaispeáint agus a chruthú rinneamar im sa rang.

 

oplus_32

Chun im a dhéanamh leanann tú na céimeanna seo:

1- Faigh bó.

2- Bailigh bainne agus uachtar ón mbó.

3- An bainne a chreathadh i bpróca ( Tógann sé seo a lán ama! )

4- Salann a mheascadh isteach sa phróca.

5- An leacht atá fágtha a dhoirteadh amach.

6- Ansin bíonn im agat !

7 – Ith an t-im !

 

Thaithin sé seo go mór linn agus bhí boladh bréa ime sa seomra nuair a bhíomar réidh.

 

Chomh maith le sin d’fhoghlaim an rang faoi na caitheamh aimsire a bhí ag an sean dream fadó.

 

Cad a rinneadar gan teilifís nó fón ? D’imríodar cluichí cosúil le táiplís. Chaith an rang tamall ag foghlaim na rialacha agus ansin bhí cluichí táiplíse eadrainn mar a d’imir daoine fadó fadó. Is brae linn trial a bhaint as rudaí mar seo, mar tugann sé blasadh dúinn den saol a bhí ag ár sinsear bliant ó shin.

Má tá duine ar bith ag iarraidh táiplís a imirt sa bhaile ta nasc anseo daoibh.

https://gametable.org/games/checkers/

Má tá duine ansin ag iarraidh bualadh isteach chun cluich a imirt in aghaidh an ranga tá fáilte romhaibh !

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers