oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Sár-Thuras Staire Ag Rang a 4 !

 

A Chairde , timpeall mí ó shin nuair a bhí na ranganna eile sna seomraí ag scríobh, bheartaigh Rang a 4 an bóthar a bhualadh agus suas linn ar an M1 go dtí Sí an Bhrú ! Bhí áthas orainn mar tá neart inár leabhair staire faoi Sí an Bhrú, ach is fearr go mór dul ann chun an áit a fheiscint le do dhá shúl féin.

 

 

Tá an t-ádh linn freisin nach turas ró-fhada é chuig an tuama mór seo, atá níos sinne ná tuamaí móra le rá na hEigipte fiú ! Bhí an lá féin go breá agus shroicheamar bruacha na Bóinne go sona sasta beagainín beag tar éis a deich ar maidin.

Ar dtús d’ímíomar timpeall an ionaid, ag féachaint ar na táispeantaisí a bhí ann agus ag eisteacht le na físeáin chomh maith. Bhí roinnt turasóirí idirnáisiúnta ann ach bhí saoirse againn bogadh timpeall agus am a chaitheamh le na rudaí ba speisiúla, dár linne.

Ansin amach linn agus shiúlamar trasna droichead a rith os cionn na Bóinne. Bhí sruth láidir san abhann mar gheall ar an méad báistí a thit sna laethanta roimhe sin. Shiúlamar cúpla céad méadar agus ansin thóg bus muid chomh fada le Brú na Bóinne, nó Sí an Bhrú !

Bhí radharc álainn ann ag fanacht orainn, na haolchlocha bána ag lonrú le grian gheal na maidine. Bhí se ar nós dul siar na míllte bliain sa stair. Tógadh timpeall ar dtús muid agus chonaiceamar taillte na Mí leagtha amach romhainn. Chonaiceamar sléibhte Atha Cliath i bhfad ó dheas agus an Bhóinn féin ag rith i dtreo na farraige.

Ansin, isitgh linn sa phasáiste ! Mar is eol dúinn ar fad i Rang a 4, is trín bpasáiste seo a thagann solas na gréine i lár an gheimhridh chun an seomra leastigh a lasadh . Dochreidte ! Thaispeain ár dtreoirí dúinn an áit inar tháinig siad ar chnámha na daoine a cuireadh isteach sa tuama. Uaireanta ní cnámha a bhí ann, ach luaithrigh na ndaoine marbha ! Chonaiceamar na patrúin a bhí gearrtha isteach sa chloch agus chonaiceamar freisin an díon docht daingean nár scaoil oiread is braon amháin uisce isteach sa tuama ón gcéad lá a tógadh é ! Bhí saghas eagla orainn i gcroí la na tuama ach b[‘fhiú go mór dul isteach ,ar sin féin.

Ar theacht amach dúinn, shiúlamar timpeall agus ghlacar cúpla grianghraf. Ansin ( an rud is tábhachtaí dár le roinnt daoine !) d’itheamr an lón. D’fhilleamar ar an scoil timpeall a dó agus tuiscint níos fearr againn ar saol ár sinsear a mhair fadó fadó. Turas den chéad scoth a bhí ann gan dabht !

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers