oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Scéalta Ó Rang A Trí!!!

A Chairde, tá an t-ádh linn i Scoil An Duinnínigh go bhfuil scríobhneoirí íontacha óga inár measc! Seo scéal ó Chaoilinn Ní Mhurchú i Rang A Trí. Bainigí sult as!

 

Bobby agus  an  t-Éan

 

Lá  amháin   bhí  buachaill  ag  siúl. Bhí sé i bPáirc Naomh Áine. Bhí a lán crainn móra arda glasa ann. An  t-ainm  a bhí  air  ná  Bobby. Chonaic   Bobby  éan  gortaithe. Ní raibh an t-eán ábalta eitilt! B’fhéidir go raibh an sciathán briste! Cheap Bobby gur thit sé ó chrann ard! Bhí trua ag Bobby don t-éan beag seo.

Thóg   Bobby  an t-éan  abhaile. Bhronn  sé  an t- ainm   Bobby  Jr.  air. Thug  sé   cúnamh   dó,  agus  tar éis  roinnt beag ama   bhí   sé   ceart   go   leoir   arís. Bhí athás ar Bobby Jr. Thosaigh sé ag canadh.

 Bhí  peata   nua  ag  Bobby!  Ní raibh a mham nó a dhad sásta!   “Caithfidh  tú é a chuir amach  sa spéir!”  a   dúirt   said. “Beidh  sé níos  sástaí  ansin!”

 Ach ní  raibh Bobby ag iarraidh slán a rá lena chara nua. Ba é seo an rud is spéisiúla a tharla riamh ina shaol. Ní raibh a lán cairde aige. Thaithin leabhair go mór leis agus chaith sé an-chuid ama sa leabharlann leis féin. Bhí áthas air go raibh cara nua aige.

Rith  Bobby  amach  an doras  leis  an t-éan ina lámha.

 “Níl  mé ag  teacht   ar ais!” a duirt  sé. D’imigh sé leis ar nós na gaoithe. Rith sé ar ais go dtí an pháirc le na crainn arda glasa.

 Cheap  a  thuismitheoirí  go raibh sé ag magadh . Ach ní raibh sé.Níor  tháinig  sé  ar ais don dinnéar. Ní raibh ocras ar Bhobby. Bhí sé ag bailiú bataí agus duilleoga chun nead mór a dhéanamh dó féin, agus Bobby Jr!

   Ní raibh sé ansin sa bhaile don bhricféasta ar maidin. Bhí Bobby agus Bobby Jr. sa pháirc ag lorg peisteanna.  Ach ansin  tháinig  sé  ar ais.Ní raibh na peisteanna ró-bhlasta . B’fhearr leis uibheacha, ispíní, agus pancóga.

Bhí  áthas an  domhain  ar  a  thuismitheoirí   nuair   a  chonaic   said  é. Ach bhí fearg orthú  freisin. An  chéad lá eile  chonaic  Bhobby  a lán éin  ag  eitilt  sa spéir. Bhí cruth “V” orthu.

Chonaic said an t-éan a bhí i lámha Bobby. D’oscail sé a lámha agus d’eitil  Bobby Jr.  suas sa spéir. Bhí brón ar Bobby. Ach thuig sé go raibh ar an t-éan imeacht lena chairde. Agus an t- éan…………Bhí sé sona sásta! Tháinig sé ar ais ar chúairt sa Samhradh agus d’fhág sé ubh sa ghairdín! Bhí áthas ar Bhobby.

 

***  An Deireadh ***   Le Caoilinn Ní Mhurchú (R3)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers