oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Seachtain Eolaíochta i Rang Sorcha.

Bhí seachtain iontach, spraíúil agus gnóthach againn i Rang 4 chun an tseachtain eolaíochta a cheiliúradh.

Rinneamar turgnamh éagsúla, siúlóid dúlra agus d’fhoghlaíomar faoi Albert Einstein chomh maith.

D’fhoghlaim na páistí faoi

gníomhú ribeach leis an turgnamh

uisce ag rith”.

 

Rinne na páistí a dturgnamh féin le “skittles”.

Ar an gCéadaoin bhí an spraoi againn le malaí phléasctha agus bhí sé an suimiúil ag foghlaim faoi fhrithgníomhú cheimiceach idir an fínéagar agus an sóid aráin.

 

Bhaineamar go léir an taitneamh as na lampaí laibhe a dhéanamh.

 

 

Chuir gach uile páiste sár-iarracht isteach le haghaidh comórtas na heitleáin ar an Aoine. Comghairdeas le gach páiste as ucht an iarracht a chuir siad isteach ach go háirithe le Leon, Robin agus Seosamh, na buaiteoirí ar an lá.

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers