oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Seachtain Ghníomhach 2023 – An Chéadaoin 26.04.2023

Lá álainn eile anseo againn i Sord agus an-chuid imeachtaí ag dul ar aghaidh i Scoil an Duinnínigh inniu. 

Chuireamar tús leis an lá arís le Dúiseacht le Gluaiseacht agus Múinteoir Ciarán á threorú. Féachaigí ar na griangrafanna seo, is soléir gur bhain na páistí taitneamh as an aclaíocht roimh obair crua ranga a dhéanamh!

                 

Chaitheamar ama ag rith ar an raon ráibhe agus muid ag iarraidh dul ag rith Timpeall na hEorpa ar fad!! Féach ar Múinteoir Sorcha ag rith leis na Naíonáin!

Tháinig cuairteoirí speisialta chuig na scoile inniu ó Zambia chun taispéaintais Judó a dhéanamh dúinn sa Halla. 

  

Bhí seans ag páistí páirt a ghlacadh sa taispeántas! Bhí sé ar fheabhas! Ghlac ár Judoka féin, Múinteoir Ciarán, páirt leo chomh maith!

Thug páistí Rang a Sé deis do na Judoka peil a imirt leo ar an gclos!

    

Bhronn Príómhoide Nóirín hata spóirt álainn orthu go léir agus thug Scoil an Duinnínigh Céad Míle Fáilte dóibh go léir.

 

Tagann OFC isteach ó Chumann Sailbheastar Naofa gach Céadaoin chun rannpháirtíocht i gcluichí CLG a chur chun cinn. Bíonn sé ag múineadh scileanna peile do pháistí ó Naíonáin Mhóra go Rang 4. Uaireanta déanann sé ceacht iománaíochta. Bíonn spraoi ag na páistí ag traenáil le Panner.

 

Bhí Craobh na Lúthchleasaíochta inniu i ALSAA. Chuaigh 50 páiste ann ó ár scoil. Thosaigh an chéad rás ag 10rn. D’imigh Múinteoir Nicolás, Múinteoir Brónagh agus Múinteoir Bridín leo. 

Bhí cluiche peile ag na buachaillí Rang a 5 agus 6 sa sraithchomortais Fhine Gall ag deireadh an lae. Bíonn siad ag traenáil go dian ar scoil agus le clubanna CLG taobh amuigh den scoil!

Comments are closed.
Latest Posts

Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Latest Posts

Teachers