oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Seachtain Ghníomhach 2023 – An Luan 24.04.2023

Tá an tSeachtain Ghníomhach buailte linn!!!

Thosaigh maidin Luan thar a bheith fliuich anseo i Sord. D’fhéachamar ar réamhfháisnéis na haimsire agus bhí sé ráite go mbeadh sé tirim i ndiaidh am sosa. Stop an báisteach roimh dóibh dul amach ar an gclos don sos agus bhí áthas an domhain orainn go léir.

Bhí sosanna gníomhach ag na páistí uile sa scoil ar maidin. Rinneadar 10@10, Go Noodle agus Just Dance.

I ndiaidh am sosa bhíomar ábalta an dromchla uile-aimsire a úsáid mar aon leis an gclos sinsear agus an Halla. Bhí páistí ón gcoiste spóirt ar fáil chun cabhair a thabhairt do na ranganna shóisir. Rinneadar post den scoth!!

  

Chuireamar tús le Rith Timpeall na hEorpa chomh maith. Beidh Múinteoir Brian agus an coiste spóirt ag coinneáil taifead ar an méid atá na páistí ag rith gach lá!

Bhí ábhar iontais ag Príomhoide Múinteoir Nóirín do Rang a Sé inniu agus sinne ag chur tús leis an tseachtain ghníomhach – fuair siad na Hudaí!!! Tá siad go hálainn ar fad agus féachann R6 thar a bheith spóirtiúil agus iad á chaitheamh acu!

Beidh obair bhaile ghníomhach ag na páistí ar fad i Scoil an Duinnínigh an tseachtain seo agus dúshlán éagsúla le comhlíonadh acu gach tráthnóna sa bhaile. Táimid cinnte go mbainfidh siad ar fad taitneamh as!

    

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers