oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Spúcaí Púcaí sna Naíonáin Mhóra.

Táimid tagtha go dtí deireadh na míosa agus gan dabht bhí mí Dheireadh Fómhair lán le cleasa, draíocht agus cúpla treats!

Le linn Aistear i gcistin an chaillí bhí posóidí á dhéanamh againn agus bhí draíocht ar siúl ar fud an tseomra ranga. Thaitin an téama “Cistin an Chaillí” go mór leis na páistí agus rinne siad sár-obair freisin ag togáil leis an lego, na bloic móra agus ag cruthú leis an taos sugratha.

Tá ealaíontóirí iontacha againn sna naíonáin mhóra agus bhíomar an-sásta leis na spúcaí púcaí, posóidí agus damháin alla a rinneamar.

Rinne gach duine sár-iarracht ag gleasadh suas agus bhí an rang lán de charachtair scanriúla. Maith sibh a pháistí!

Bhí lá iontach againn sa rang ag spraoi agus ag damhsa le chéile.Chuamar ar súilóid Oíche Shamhna agus chabhraigh na páistí ó rang 6 linn. Bhí sé go hálainn ag siúl leis na ranganna eile agus na feistis ar fad a fheiceáil!!!

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers