oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Táiplis Faoin nGrian

Táiplis Sa Chlós!!

 

 

Fadó fadó nuair nach raibh páistí ag imirt cluichí ar na ríomhairí cosúil le Fortnite nó Roblox nó ar Ipads, d’imríodar cluichí boird! Thaithin an cluiche táiplise go mór le daoine in Éirinn. D’imir na Gaeil agus na Ceiltigh agus fiú Fionn agus Cú Chulainn an cluiche ársa seo.

Anois tá sé de chumas ag Rang A hAon an cluiche seo a imirt chomh maith!

 

 

Thapaigh Rang a hAon an deis toisc gur tháining lá ana-bhreá agus theastaigh ón rang a bheith amuigh faoin aer. Thógamar linn boird agus bínsí agus dár ndóigh na píosaí táiplíse.

 

 

 

 

Múineann gá seift deirtear agus cé go raibh ganntanas licíní orainn bhí smaoineamh ag cúpla páiste cliste boinn airgid agus brící Jenga agus Connect 4 a úsáid chun táiplís a imirt.

 

 

 

Bhaineamar taitneamh as na cluichí a bhí againn sa chlós agus tháinig roinnt múinteoirí amach chun cluiche nó dhó a imirt. Baineadh geit astu! Tá páistí Rang a hAon íontach glic ag imirt táiplise agus tá sé fíordheacair an lámh in uachtar a fháilt orthu (mar a thuigeann Múinteoir Sarah!).

 

 

Bhíomar ag cleachtadh le tamall agus ba chluichí cairdiúla na cluichí ar fad a bhí againn. Bhíomar ar  fad ag cabhrú leis na páistí eile a bhí inár gcoinne.

 

 

Má tá tuismitheoir nó múinteoir ag iarraidh teacht anseo agus cluiche a imirt, tá míle fáilte romhaibh, ach molaim daoibh  roinnt cleachtadh a dhéanamh ar dtús!

 

 

 

 

 

 

 

Chuir teocht na gréine áthas orainn agus freisin bhaineamar sult as na píosaí móra táiplise agus na cearnóga dubha agus bána atá ar an gclós. Bíonn spraoi ar leith ann nuair atá ort na píosa móra seo a phiocadh suas agus a bhogadh timpeall le do dhá lámh féin!

 

 

Ar aon nós táimid ar fad ag guí go bhfanann an deá-aimsir linn agus feicfear Rang a hAon amuigh ar an gclós ag imirt cluichí ár sinsear agus teanga ár sinsear á labhairt go binn againn! Tá an samhradh buaillte linn!

 

 

Nóta Brollaigh: Má thosnaíonn sé ag cur báistí arís, is féidir linn ríomhairí na scoile a úsáid chun táiplis a imirt más gá!

 

 


 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers