oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Tíogar Ar Strae!!!

Tíogar ar strae!!!

 

Ahhhhh  Tíogar!

Dé Máirt a bhí ann . Lá deas a bhí ann. Ní raibh mórán scamaill sa spéir. Timpeall a deich ar maidin bhí gach duine tagtha ar scoil. Gnáth lá a bhí ann. Bhí na páistí ag obair go dian. Bhíomar ag foghlaim roinnt Staire faoi na Lochlannaigh.

scoil

Go tobann phléasc  an doras ar oscailt! Baineadh geit mór asam.Thit an peann luaidh a bhí i mo lámh go talamh. Rith Múinteoir Ciarán isteach. Bhí cuma air go raibh eagla air. Scread sé ós ard  “Tá tíogar ar strae.” Thosnaigh an rang ag screadaíl.

Ahhhhh

“Caithfidh muid rabhadh a thabhairt do na ranganna eile .” Thit na cathaoireacha ranga go talamh agus na leabhar oibre. Thosnaigh gach aoinne ag brú agus iad ag rith i dtreo an dorais!

 

Ahhhhhhhh

 

Scapamar  amach timpeall  na ranganna ar fad. Rith mé isteach i rang ceoil.  “Tá tíogar ar strae !”Rith gach duine amach as an scoil.

Rith!

Amach le na páistí go beo, ach bhí greim docht acu ar na huirlisí ceoil go fóil. Bhí fidils agus feadóga agus páistí ag teacht amach ón scoil cosúil le heas uisce…Chuamar go dtí an clós. Bhí roinnt páistí ag caoineadh. Bhí cúpla péire spéaclaí briste . Bhí cúpla páiste ag cur fola agus na geansaithe scoile stróctha.

Chonaic Nóirín an tíogar ag an siopa. “Ahhhhhhh” a bhéic mé. “Tíogar ar strae!”

ploughman's

Rith páistí na scoile síos an bóthar.Bhí  Brídín ag seint an fhidil agus í ag rith. “Stopaigí,  tá muid sábháilte” arsa Carleen .” “Phew, buíochas le Dia” a dúirt mo chara liom. Chasamar timpeall…

tíogar2

Bhí an tíogar ann! Rith siad níos faide síos an bóthar. Bhíomar i bpunc ceart. Faoin stáitse seo bhí eagla an domhain orm agus bhí mé ag crith. Chonaic mé Brídín agus Aoife agus iad ag caint lena chéile. Ar deireadh dúradar- “Éistigí, tá plean againn!”

Gach duine le fidil,  tabharaigí dúinne na sreanganna”. Rinneamar é sin go tapaigh. Chualamar an tíogar in aice na siopaí agus é ag ithe cúpla seanduine!

Yum Yum

“Plean maith é seo” arsa Aoife, “ach brostaigí tá ocras ar an tíogar agus tá sé ag teacht!

 

Cheangail  siad na sreanganna go docht . Anois bhí eangach déanta againn.

eangach

Tháinig an tíogar go tapaigh inár dtreo. Bhí sé ag seilg páistí beaga blasta. Bhí fuil ar a ghoineoga géara. Chonaic mé súile an tíogair agus bhí siad fíochmhar feargach fián.

Léim an tíogar. Bhí sé os cómhair na bpáistí  agus na múinteoirí.

“Caithfidh muid glaoch a chur ar an zú” arsa páiste.

“Ná dean” arsa Nóirín, “cuirfidh sibh eagla ar an tíogar.”

“Tá orainn rud a dhéanamh muid féin” arsa Brídín. Chogair Aoife rud le Brídín.”Ceart go leoir” arsa Aoife “Gach duine cabhairigí linn.”

Mhínigh Aoife agus Brídín an plean dúinne. Chaitheadar an t-eangach a bhí déanta acu le sreanganna thuas san aer. Tháinig sé anuas ar an dtíógar! Cheangal siad an tíogar suas.Ní raibh an tíogar sásta. Bhí an tíogar ag luascadh na lapaí timpeall.  Bhí an tíogar ceangalta suas. Agus ansin sheinn múinteoir Shane amhrán le ceiliúradh ar an bhfeadóg stáin.Ansin bhí Ciarán ,Nóirín,Brídín,Carleen,Aoife,Shane agus páistí na scoile  go sona sásta.

                    – An Deireadh –

 

sásta

 

Is í Ruby Ní Bhroin i Rang a Trí a bhí ag obair ar an scéal íontach seo! Maith thú Ruby agus leann ort . . .

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers