oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Tús Den Scoth Ag Peileadóirí Na Scoile!

Tús maith leath na hoibre! A Chairde Gaeil, deá-scéal atá againn daoibh inniú , agus deá-thoradh ag peileadóirí sóisear na scoile inné agus iad ag imirt as baile.

 

Scoil Uí Chonaill, 20/9/2016

Scoil An Duinnínigh 6- 8

Scoil Neasáin             4-8

 

Chuireamar tús íontach leis an gcomórtas peile inné . Bhí slua bailithe i bpáirc Scoil Uí Chonaill agus thaisteal ár bhfoireann i dteannta a chéile sna caranna. Bhí na buachaillí gléasta roimh ré , agus na geansaithe agus bróga peile orthu . Ba chúnamh é seo dúinn agus bhíomar in ánn roinnt cleachtaí a dhéanamh ar thaobh na páirce agus dul tríd roinnt pleanna don chluiche!

 

Lá breá a bhí ann ach bhí gaoth láidir ag séideadh díreach anuas i dtreo cúil amháin. Bheartaigh Captaen An Lae , Fionn Ó Beoláin go mbeadh muid ag imirt i gcoinne na gaoithe sa chéad leath. D’éirigh linn tús breá tapaigh a chur leis an gcluiche agus bhí dhá chúl agus cúpla pointe againn go h-an luath ar fad sa chluiche. Ag an stáitse luath seo ní raibh mórán le déanamh ag an gcúlbáire nua Dean Ó Brádaigh, agus leasmuigh ar an bpáirc bhí ag éirí go maith ag Conor Ó Mathúna agus Liam Aighleart stop a chur le hiarrachtaí Scoil Neasáin.

 

Chun tosaigh bhí cuma baolach ar Dharach Ó Gébhnaigh  (a d’aimsigh dhá phointe sa chéad leath) agus Oisín Ó Riain. Cé go raibh an lámh in uachtar ag na tosaithe bhí sé de cheart againn níos mó cúil a aimsiú. Bhí roinnt de na hiarrachtaí a bhí againn ag imeacht go mór ar strae!

 

Agus an chéad leath ag teacht chun deiridh , fuaireamar scór mór mílteach nuair a threoraigh Piaras Ó Donnchú cic ón dtaobhlíne thar an dtrasnán ! Ní fheicfeá á léithéad i bPáirc An Chrócaigh. Faraor leagadh Conall Ó Raghallaigh go talamh, cé go raibh cluiche den scoth á imirt aige. Tháinig Tadhg Ó Dómhnaill chun páirce agus láithreach bun baoill léirigh sé a chumas le cúpla pas glic! Bhí Jonny Ó Miadaigh ag úsáid a chuid luais i lár na páirce agus a chuid taithí chun greim docht a choiméad ar chúrsaí.

 

 

Faoin am go raibh leathama bainte amach againn , bhíomar go mór chun tosaigh. B’fhéidir gur cheapamar go raibh an cluiche seo buaite againn ach, mar is eol dúinn anois , ní breac go dtí go mbíonn sé ar an bport! Thiteamar inár gcodladh agus cé go raibh cúnamh na gaoithe againn sa dara leath is ag Scoil Neasáin a bhí an cuid is mó den imirt! Tháinig Marc Mac Chonchoille agus Eoghan Ó hEathrain ar an bpáirc chun iarracht a dhéanamh breis spreagadh a thabhairt dúinn! Bhí cúrsaí ag éirí níos déine dúinn agus , cé gur dhein Dean Ó Brádaigh sábhailt íontach , ní raibh cosainteoir ar bith in aice leis chun teacht i gcabhair air agus d’aimsigh Scoil Neasáin cúl! D’aimsigh siad cúpla pointe eile ansin agus bhíomar faoi bhrú!

 

Sheasamar an fód go cróga agus ba cheannaire mór dúinn Christian Ó Muilleoir agus uimhir a sé ar a dhroim, ach bhí sé le feiscint gach áit ar an bpáirc. Taobh le Christian agus é ag imirt ina chéad chluiche scoile bhí Cian Ó Ceallaigh, agus bhí taispeántas den scoth ag an bhfear óg misniúil seo. D’éirigh le hAodh Ó Conchubhair seilbh luachmhar a bhuachaint dúinn ag leis an liathróid inar lámha arís, d’éirigh linn dul ar an ionsaí !

 

 

Le gan ach cúpla nóiméad fágtha ar an gclog bhí an dhá scoil ar scór cothrom. Bhí eagla ag teacht ar na tuismitheoirí a bhí ar an dtaobhlíne. Bhí eagla agus allas ag teacht ar na múínteoirí a bhí ar an dtaobhlíne! Ach in am an ghátair bhí peileadóirí na scoile beagáinín beag níós fearr ná an freasúra an uair seo. Ar an daichead slat bhí pasanna deasa á thabhairt ag Peadar Ó hIcí, agus d’éirigh le Darach Ó Géibhnaigh cúl deas a aimsiú tar éis gur sheoil Piaras Ó Donnchú pas fada ina threo. Léirigh Jordi Tortell Ó Dalaigh cosaíocht cumasach agus d’éirigh leis spás a aimsiú dó féin cé go raibh na sluaite timpeall air chun dhá phointe eile a aimsiú dúinn.

Ar chúl bhuaigh Cillain Anderson gach aon liathróid a tháinig chuige, agus bhí Eoghan Ó hEathrain ag obair go dian leis an liathróid a choiméad. Ba leoir ár n-iarrachtaí an lá seo chun an bua a thuilleamh dúinn. Le séideadh na feadóige bhíomar chun tosaigh ach tuigeann gach duine ar an bhfoireann go bhfuil orainn iarracht a dhéanamh don chluiche ar fad agus má bhíonn fonn orainn sos a ghlacadh ag pointe ar bith sa chluiche íocfar go daor as! Ar aon nós bhí an bua againn an lá seo agus , scéal mór an lae ná gur éirigh go geal le peileadóirí Rang A Trí a bhí ag imirt ar son na scoile don chéad uair ! Ar aghaidh linn go dtín céad cluiche eile!!

 

Laoch An Chluiche – Christian Ó Muilleoir

Réalt Óg An Chluiche – Cian Ó Ceallaigh

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers