oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Tús Maith, Leath Na hOibre!!

 

A Chairde, tá deá scéal againn daoibh! Chuir foireann iomána na scoile tús breá le feachtas na bliana seo i Naomh Mearnóg inné 15/3/2018.

 

 

S. An Duinnínigh : 3-4

S. Mhearnóg : 2-3

 

 

Ó bhun go barr an chontae bhí cluichí curtha ar cheall mar gheall ar an droch aimsir ach d’éirigh linn an cluiche seo a imirt. Ní raibh cúpla braon báistí chun foireanna na scoile a stopadh ar an lá seo. Leis an bhfliuchras agus leis an bhfuacht a bhí againn le déanaí ní raibh mórán traenála déanta ag an bhfoireann seo i mbliana agus , is dócha, toisc seo bhí tús mall againn sa chluiche. Sna nóiméidí luath bhí an lámh in uachtar ag Scoil Mhearnóg agus bhí an cuma ar an scéal go mbeadh lá sách dian againn!

Chuala sibh trácht ar chluichí móra, cosúil le Baile Átha CLiath i gcoinne na Mí, nó Ciarraí i gcoinne Chorcaí, nó fiú Maigh Eo i gcoinne na Gaillimhe. An tsaghas céanna ruda a bhí againn inné. Tá an-aithne ag na scoileanna ar a chéile agus cé go raibh gach rud spóirtiúl sa chluiche, ní raibh rud ar bith bog nó éasca faoi.

 

                                                Ar an bhfrithionsaí!

Thiteamar siar cúl agus ansin cúilín eile. Murach iarrachtaí stuama Dharach mar chúlbáire bhíomar i dtrioblóid i bhfad níos mó. Diaidh ar ndiaidh lean an chéad leath ar agahidh agus thit an mheirg asainn. Lean Darach ar aghaidh, cosúil le Stephen Cluxton, na bunrudaí á dhéanamh i gceart aige, agus dhúisíomar amuigh ar an bpáirc!

 

 

 

                                                Ag ardú an léigir!

Bhíomar fós chun deiridh go dtí gur rug Cian Ó C. i Rang a 4 ar an sliotar, tar éis dúinn ionsaí leanúnach a dhéanamh ar chúl ár bhfreasúra. Ar thaobh na láimhe chlé, bhuail sé an liathróid go láidir agus, ar deireadh thiarr thall bhí cúl faighte againn. Thug sé seo spreagadh ar leith dár gcosainteoirí, Conall agus Christian sa leathlíne ach go háirithe agus chuireamar stop le gach ionsaí eile ag bhí ag Scoil Mhearnóg sa chéad leath!

 

D’imigh Piaras Ó D ag rith leis na cosa in airde agus gan ach cúl ar aigne aige. D’imigh sé deich slat, ansin fiche, ansin tríocha agus bhuail sé iarracht chumhachtach i dteo an chúil. Níor stop an cúlbáire é ach de bhuail an liathróid an trasanán agus phreab sé amach arís! Lean an cluiche ar aghaigh mar seo, le scór íseal ach iomaíocht ghéar! Ach bhí an taoide ag casadh agus bhíomar ag teacht. Go gairid roimh leathama, d’aimsigh Piaras agus Peadar agus Aodh, a bhí ag obair go dian ar an daichead slat cúpl cúilín agus bhíomar dhá chúilín chun tosaigh nuair a shéid an réiteoir a fheadóg chun leathama a fhógairt!

 

 

                                                       Sos Cogaidh

Ag leathama bhí sos beag again dúinn féin agus thug Máirtín roinnt comhairle dúinn. D’ólamar cúpla braon uisce agus chun fuinneamh a thabhairt dúinn phí píosa beag seacláíde ag gach duine chomh maith! Tháinig beirt de na fir ionaid ar an bpáirc agus chabhraíodar go mór lenár n-iarrachtaí sa dara leath. Bhí Cillian ar fheabhas ag cosaint agus léirigh Conor Ó B ( a bhíonn ag imirt le Cumann Uí Thuthaill – “Na Larriers” ) a chumas láithreach.

 

Bhí cúnamh na gaoithe againn sa dara leath agus theastaigh uainn liathróidí fhada a scaoileadh isteach i dtreo Pheadair agus Ché a bhí sa chúinne. Fós féin ní raibh Cuma ar Scoil Mhearnóg go raibheadar sásta géileadh agus bhí bagairt agus baol ann dúinn i gcóna agus bhíomar ag braith ar Liam A. agus Seán Ó M. mar chosainteoirí chun na tosaithe a choiméad amach.

 

 

Ó uilinn ghéar d’aimsigh Peadar cúilín den scoth agus bhí Aodh ag cúisí raic gach uair go raibh seilbh aige ar an sliotar. Bhí cath maith i lár na páirce ach chabhraigh cúrsaí aclaíochta le Jonny agus Jack agus bhíodar ag bogadh gan stad gan staonadh ag cabhrú leis an bhfoireann ar fad.

                                                     Captaen na Scoile 2022!

Táimid ag imirt sa chomótas Corn Ághais i mbliana agus tá caighdeán an-ard ag na foirne ar fad. Ní aon ionadh é gur tháinig Scoil Mhearnóg ar ais le cúl eile agus bhí teannas san aer agus na foirne cothrom agus gan ach cúpla nóiméad fághta ar an gclog.

 

    An Lucht Leanúna Agus An Réiteoir

 

Tháinig pas fada isteach, seolta ag Piaras a bhí ina rí don chluiche ar fad le huimhir a sé ar a dhroim (Pat Gilroy, an raibh tú ag féachaint?). Léim ana-chuid imreoirí ach bhí fear amháín glic go leoir fanacht ar an talamh ag fanacht ar an mbriseadh. Thit an liathróid agus bhí Conor as Rang a 4 ag fanacht leis. Ní raibh mórán ama aige. Bhí cúlbáire mór mílteach ach rith ina threo, agus lánchúlaí chomh maith. Níor theastaigh ach soicind uaidh agus chríochnaigh sé an deis go slachtmhar le hiarracht íseal isteach sa chúinne. Bhí cúl faighte ag an bhfear óg agus é ag imirt ina chéad cluiche ar son na scoile! Thug sé seo bearna dúinn agus faoiseamh dos na cosainteoirí ar fad a bhí faoi bhrú ón scoil eile. . .

 

                                        Geansaí Nua!

 

D’éirigh linn cúpla deis eile a chruthú agus cúilín nó dhó eile a ghnóthú dúinn féin agus le séideadh na feadóige deiridh bhíomar ar fad traochta ach sona sásta an bua a bheith again. Tugann sé seo an-spreagadh agus féinmhuinín dúinn. Ag trácht ar spread bhí na geansaithe nua iomána orainn don chéad uair agus bhí cuma profisiúnta orainn ag dul chun páirce. Táimid an-bhuíoch dóibh siúd a chabhraigh linn na geansaithe seo a fháilt don fhoireann.Tá meascán deas againn i mbliana de bhuachaillí le neart taithí , Sam O. agus a chomrádaithe i Rang A Sé, agus buachaillí cumasacha óga ó Rang A 4 a  bhí ag imirt don chéad uair inné!

 

                                  Geanasaithe Nua Na Foirne

Beidh na cluichí eile ag teacht go luath ach tá an chéad ceann buaite againn. Tús maith leath na hoibre agus as go brách linn go bródúil . Caithfear buíochas a ghabhaíl leis na múinteoirí agus na tuisthmitheoirí a chabhraíonn linn dul go dtí na cluichí seo! Go raibh maith agaibh go léir!

 

Laoch An Chluiche : Piaras Ó D (Rang a 6)

Réalt Óg An Lae: Conor Ó B  (Rang a 4)

Captaen An Lae: Seán Ó M ( Rang a 6)

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers