Bhíomar ag déanamh taighde ar chuid de na tíortha san Meiriceá Theas ar nós an Bholaiv, an Bhrasaíl, an tSile agus go leor eile le déanaí. Bhí an t-ádh linn gur tháinig cáilín ón Bholaiv isteach chugainn le samplaí do na saghasanna éadaí a chaitheann na daoine dúchasacha ann. In éineacht le sin, bhí seans againn fíor-empanadas a bhlasadh!