I mbliana, don chéad uair, tá Naíonáin Bheaga ag déanamh Aistear mar pháirt den gCuraclam. I rith Mí na Samhna, bhí ‘Caife’ againn sa rang. I ngrúpaí beaga, bhí deis ag na páistí súgradh sa Chaife, bia a dhéanamh ag úsáid playdough, caife a thógáil as blocanna, súgradh le gaineamh agus uisce agus dramhealaín a dhéanamh as ábhar in-athchúrsáilte. Bhaineamar go léir an-taitneamh as, agus táimid ag súil leis an chéad téama eile!!