An Crann Nollag
I bhforaois na bhfeá bhí crann álainn breá
a d’fhás i dTír na Sí.
Tháinig an Geimhreadh ‘gus shéid an ghaoth
trasna na mbánta, thar riasc is sliabh.
Minic le clos bhíodh gáire páistí
ar foluainn san aer go binn,
Thuig an crann óg glas aoibhneas na Nollag
ag síothlú i measc na gcraobh.’
“Ó tar anseo, fiú neomaitín,
féach orm, a pháistí, anseo faoin ngrian,
Nár dheas an rud dá mbeinnse
im’ chrann Nollag”?
Oíche breá bhéar, réiltíní sa spéir,
sneachta ‘na luí go tiubh,
Sheas sé go ciúin is mian ‘na chroí,
bheith ‘na chrann Nollag, b’shin a ghuí
Ansin a tháinig ón bhforaois ‘na thimpeall
a glór a chur ceol ar a chroí..
Cloig charr sleamhnáin ag bualadh
‘s ag bualadh ag teacht níos congaraí.
Ó nach bródúil anois a chás,
os comhair a sheas San Niocalas
Ag fiarfraí ar mhaith leis bheith mar chrann Nollag (ai)’ge.
*********
Anois tá sé gléasta, gléasta go hálainn,
an crann Nollag is fearr.
Gléasta le soilse ildaite,
féiríní de gach saghas aige.
Ó fan go bhfeicfidh na páistí an stór seo,
acu a bheidh an spórt.
An crann go hálainn, a ghéaga mar sheoda,
feisteas de gach sórt.
Dúirt Santa le Banríon na Sí,
“Fuair ár gcara óg a ghuí,
Ó nach áluinnn an crann Nollag é”
Crann Nollag álainn, Crann Nolag álainn é.
Aist Seán Ó Briain