Gníomhach ar scoil agus gníomhach sa bhaile
Bhíomar ag ceiliúradh Seachtain Gníomhach 2026 sa scoil an seachtain seo caite.
Ghlac gach rang páirt i Dúiseacht le Gluaiseacht ar maidin agus an Daily Mile i rith an lae.
Bhronn ASW agus Pitch and Putt Ireland treallamh galf orainn agus dhearaigh Rang 6 Cúrsa Mionghalf Craiceáilte dúinn.
Bhí Ospidéal na Liathróide ag feidhmiú sa chlós ag deisiú liathróid agus ag cur aer ar ais iontu.
Ar an gCéadoin tháinig Nuacht Cúla4 ar chuairt chugainn chun taifead a dhéanamh orainn agus muid ag
baint taitneamh agus tairbhe as an seachtain gníomhach.
Rinneamar an Cha-Cha lasmuigh faoin ngrian dóibh.
Nuacht Cula4
Bhain gach éinne an-taitneamh as an gcluiche bliantúil haca idir Rang 6 agus na múinteoirí le Múinteoir Seán mar réiteoir.



