oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Turas Rang 4 go Sí an Bhrú, Co. na Mí

      

Ar an 5ú Feabhra, chuaigh muid go dtí Sí an Bhrú, i gCo. na Mí. D’fhágamar an scoil ag 10:45 r.n. Shroich muid an t-ionad ag 11:30r.n.

Ar dtús, chuamar isteach go dtí an musaem agus d’fhéachamar ar an taispeántas agus léigheamar go leor firicí. Ansin, shiúileamar trasna an droichead go dtí stad an bhus. D’itheamar ár lón roimh dhul ar an mbus.

Thuirling muid den bhus agus bhuaileamar le Yvonne, ár dtreoraí don lá. Bhí an t-úafáis eolais aici faoi Sí an Bhrú agus d’fhreagair sí ár gceisteanna go léir!

Scaradh muid i ndá ghrúpa. Chuaigh grúpa amháin isteach sa thuama pasáiste nuair a bhí an ghrúpa eile ag siúil timpeall an séadchomhartha.

Taobh istigh den tuama, chonaic muid an bealach go raibh an díon déanta as clocha agus trí bháisín cloiche. Dúirt Yvonne linn gur chuireadh coirp daoine saibhre agus cumhachtach isteach anseo. Ansin, mhúch sí an solas agus chonaic muid cén chaoi a thagann an solas isteach tríd an oscailt ar ghrianstad an gheimridh, ar 21ú Nollaig.

Bhí an turas go Sí an Bhrú, thar a bheith suimiúil, agus bhaineamar go léir taitneamh as an lá.

– Tuairisc scríofa ag Rang 4 Múinteoir Caroline

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers