oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Bricfeasta Ar Scoil ! ! !

A Chairde,

An Aoine – go traidisiúnta déantar scrúdaithe litriú ar an lá seo, ach ní mar sin a bhí cúrsaí i Rang a 4 ar maidin ! Shroicheamar 10 gCárta Glas le déanaí agus mar sin bhí Bricfeasta Ar Scoil againn !

Bhí Múinteoir Ciarán éirithe go moch ar maidin agus é ag dul timpeall Lidl go luath ag líonadh a throllaí le callóga agus croissants! Is ait an mac an saol.

Mar obair bhaile bhí spúnóg agus babhla tógtha ag gach páiste ar scoil.  Bhíomar ar bís ! Léirigh an rang ar fad foighne agus nuair a bhí na babhllaí líonta le callóga nó Rice Crispies ansin tháining na múinteoirí timpeall le 6 lítear bainne chun gach babhla a líonadh !

 

Bíonn sé de nós ag muintir na Fraince croissants a itheadh ar maidin agus theastaigh uainn triall a bhaint as an nós sin chomh maith ! Bhí boladh breá ag dulo timpeall na scoile agus nach muid a bhí sona sásta ag itheadh agus ag caint lena chéile as Gaeilge.

 

Tá moladh mór tuillte ag an rang as an dteanga ar fad a úsáideann siad. Tá saibhreas ar leith againn, agus bíonn sé go hálainn a bheith ag éisteacht le Gaeilge bhreá ag teacht ó na páistí.  Gura fada buan é !

 

Cloistear páistí inár rang ag rá :

“Tá sé imithe ar scor”

“Scréachóg Reilige”

“An Roinn Dlí agus Cirt”

Tá sé ar bharr mo theanga agam”

“Go deo na ndeor” – ní chloisfeá ar an méanscoil é !

 

Dála an scéil, má bhaineann an rang 100 cárta glas amach, beidh BBQ acu ar scoil ! Bígí ag faire ar an spás seo.

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers