Bhíomar gnóthach anseo i Rang a Dó ag deireadh mí Mí Mheán Fómhair le linn ‘Seachtain Chairdis’.
Ar an Déardaoin, chaitheamar go léir stocaí corra chun béim a chur ar agus ceiliúradh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuilimid ar fad uathúil. Thig linn uilig bheith cineálta lena chéile agus meas a bheith againn ar fhéiniúlacht a chéile.
Ar an Aoine, bhíomar ag obair go dian chun taispeántas ealaíne a chruthú chun cairdeas & cineáltas a léiriú sa seomra ranga.