oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Feirm Causey – Turas Scoile

Bhí an-lá againn inniu. Chuaigh muid go Feirm Causey san Uaimh. Nuair a tháinig muid ann bhí muid ag léimt isteach i bportach mór agus bhí an-spóirt againn. Bhí muid ar fad lofa ach ní raibh aon duine ag gearáin :). D’foghlaim muid faoi portach móna agus  cén chaoi móin a bhaint.  Chonaic muid roinnt mhaith ainmhithe ar an feirm agus bhí seans ag gach duine a bheith ag bleáin na bó. Chonaic muid caora a bhearradh acu agus bheir muid ar an olann. Tá clogín lán le draíocht ann agus rinne muid ar fad mian. Ag an deireadh chuaigh muid isteach i Maize mór déanta as féar, buíochas le Dia tháinig gach duine amach :). Bhí muid ar fad an-tuirseach ar an bhealach abhaile. Buíochas mór le Sinéad a chabhraigh linn inniu agus Múinteoir Jack.

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers