Tháinig Ms. Esther agus Mr. Kepa chun caint le Rang 5 & 6 faoin saol scoile i Leosóta. Bhí sleamhán PowerPoint acu lán de ghrianghrafanna agus eolais . Bhí seans againn ceisteanna a chur orthu i ndiaidh an taispéantais.
Chonaiceamar an foirgneamh scoile atá ag na scoláirí i Leosóta. Chonaiceamar an cistin nua atá tógtha acu le cabhair ó Pobal Scoil Phortmearnóg.
Dúirt na múinteoirí linn go mbíonn teocht timpeall 37 céim le linn an tSamhraidh – ní bhíonn a leithéad de aimsir againn anseo riamh!
Chonaiceamar na héadaí traidisiúnta a chaitheann muintir Leosóta.
Chonaiceamar an foirgneamh Eolaíochta nua atá ag an scoil.
Seo scoláirí ó Phortmearnóg ag foghlaim agus ag faire ar gnáthlá scoile i Leosóta.
Chanamar “We Wish You a Merry Christmas” i Sesotho.
Re le lakaletsa, re le lakaletsa, re le lakaletsa mahlohonolo a keresemese.
Bhaineamar sár-thaitneamh as an cuairt.