oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Feabhra na Folláine

Feabhra na Folláine 2026

Ó Feabhra na Folláine, nach againn a bhí an spraoi,

Ag cuir folláineacht chun tosaigh anseo i Scoil an D!

 

Ritheamar an Daily Mile gach lá timpeall laithreán na scoile

Shroich Rang Sheáin barr an chairt – bhíodar ann i dtosach báire.

 

Ag éisteacht le ceol suaimhneach, gach maidin sna seomraí uile

Ag tabhairt sos deas d’ár gcloigne, sular thosaigh an obair scoile.

 

Bhaineamar an-taitneamh ‘s tairbhe as an obair bhaile gníomhach

Ag leanúint físeán ioga ar Youtube ‘s ag imirt cluichí lenár dteaghlach

 

Rinneamar iarracht mhór siúl nó teacht ar rothar gach maidin

Ach mo léan, leis an droch-aimsir, bhíomar ar fad fliuch go craiceann.

 

Bhuail Rang 5 isteach ag déanamh suirbhé ar na ranganna

Cé a shiúil? Cé a rothaigh? Nó cé a léim isteach sna carranna……

 

Istigh sna seomraí ranga, ag dearadh ealaín do chomórtas ‘Folláine’

Bhuaigh beirt ó gach rang ‘treat’ beag agus oíche saor ón obair bhaile.

 

Amuigh ar Chlós na gCluichí fuaireamar trealamh nua spraiúil

Jenga mór, téad scipeála, ‘polydrons’ agus cluiche mór ficheall.

 

Leanfaimid ar aghaidh anois ag tabhairt aire d’ár bhfolláineacht

#FnaF26 thart, ag súil le Feabhra ’27!!

 

             

                    

          

Comments are closed.
Latest Posts

Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Latest Posts

Teachers