
Bhaineamar an taitneamh as na stáisiúin mhata freisin. Bhíomar ag suimiú agus ag foghlaim faoi aonaid agus deicheanna.
Rinneamar staidéar ar an bhfómhar agus ar scoileanna fadó agus scoileanna sa lá atá ann inniu le linn ár gceachtanna OSIE. Bhí na páistí fíorbhuíoch go bhfuil scoil álainn againn anois agus nach bhfuil bata ag na múinteoirí a thuilleadh mar a bhí fadó.


