Brownies Blasta !!!
A Chairde , tá an Nollaig buaillte linn beagnach, agus d’éirigh go breá lenár dráma ranga “An Late Late Show” agus inné fuair Rang A Dó luach a gcuid saothair. . .
Bhaineamar 40 cártaí glasa amach le déanaí chomh maith agus bhí áthas orainn méad mór ma sin a thuilleamh ó na múinteoirí timpeall na scoile.
Yum Yum ! Bhí sé beartaithe againn “brownies” a dhéanamh sa rang. Bhailigh na páistí uibheacha, plúr, im, seacláid, cócó agus níos mó.
Bhí neart postanna le déanamh againn agus neart céimeanna le leannúint. Bhí páistí ag glanadh , ag gearradh, ag leá, ag meascadh agus fiú amháin ag blasadh ! Bhí éad ar mhúinteoirí agus páistí eile nuair a bhfuaireadar boladh breá seacláide ag teacht ón oighean!
Thóg sé tamall maith orainn gach rud a dhéanamh , agus tamall níos faide fós orainn an áit a ghlanadh !
Ag deireadh an lae bhí seacláid orainn ar fad , ar na méara agus na beola fiú amháin agus bhí an t-ádh linn gur éirigh linn cúpla slsine beag a thabhairt abhaile dár dtuismitheoirí freisin !
Tar éis dúinn ár gcumas aisteoireachta a léiríú, tá sé taispeáinte againn gur bácálaithe den chéad scoth sinn freisin ! Leanann Rang A Dó orthu ag dul ó neart go neart agus bígí ag faire amach le haghaidh rudaí móra eile uainn i 2020!
Nollaig Shona dár gcairde ar fad !!!