oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Rang A Trí ag an gCeoláras Náisiúnta!!!

Rang A Trí ag an gCeoláras

 

A Chairde, deá-thuairisc eile ag teacht chugaibh ó Ranganna a 3! Tuigeann gach duine gur scoil an-cheolmhar í an scoil seo agus dá bharr sin bhí an-áthas ar mhúinteoirí Carleen agus Ciarán a ranganna a thabhairt ar chuairt go dtí an Ceoláras Náisiúnta isitigh i lár na cathrach. . .

 

Bhí imní ar na páistí nach dtiocfadh an bus ach buíochas le Dia d’éirigh linn ár gceann scríbe a bhaint amach agus ní raibheamar ach cúpla soicind déanach! Isteach linn go beo go dtí na suíocháin, áit ina raibh roinnt scoileanna eile bailithe agus cluas ghéar éisteachta á dtabhairt acu do na ceoltóirí !

 

Ba rud nua dúinn a bheith ag freastal ar cheolchorm den stíl seo ach is cinnte go raibh gach duine idir mhúineoirí agus daltaí faoi dhraíocht ag an gceol a scríobh Gustav Mahler!

 

 

Bhí fuinneamh ag teacht ón stiúrthóir agus ó na huirlisí ar fad a bhí ar an stáitse. . .

Seo pictiúr de Ghustav Mahler agus ceann eile den stíl a bhí aige féin agus é os comhair stáitse. . .

Gustav Mahler

Gustav Mahler

 

Bhí Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ ag cleachtadh agus sásta seinnt dúinn ach freisin de bhíodar lán sásta teacht chun cainte linne. D’insíodar dúinn faoin gCeolfhoireann agus faoi na huirlisí éagsúla a bhí á sheinnt acu.

 

 

 

 

 

 

 

Ar deireadh thiar thall de bhí sé in am dúinne filleadh ar an scoil agus in am don cheolfhoireann gach rud a eagrú don taispeántas mór a bhí acu an oíche sin. . .

 

Abhaile Linn!

Comments are closed.
Latest Posts

Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Latest Posts

Teachers