
Tá solas ag deireadh an tolláin
Tá na Naíonáin Mhóra go léir ag déanamh iarrachta ullmhór agus iad sa bhaile faoi láthair. Tá gach duine ag déanamh a ndíheall leanúint ar aghaidh leis an obair. Tá siad ag coinneáil gníomhaíoch agus sláintiúl ag súgradh ‘is ag imirt leis an teaghlach, agus ag foghlaim scilleanna nua cosúil le bácáil agus rothaíocht. Táim an-bhródúil as gach uile duine leis an méid iarracht atá déanta. Is breá liom na scéalta a fháil sna ríomhphostanna agus táim ag súil go mór leis na scéalta atá le teacht a fheiceáil.
Seo físeáin le cúpla scéal atá againn faoi láthair!
Lean ar aghaidh a pháistí – tá sibh go hiontach!