Posted by Aoife Ni ChaoimhNaíonáin Shinsearacha, Naíonáin Shóisearacha, Nuacht - News, Rang 1, Rang 2, Rang 3, Rang 4, Rang 5, Rang 6, Ranganna
Seachtain Mhata 2025
Foghlaim ghníomhach lán de spórt agus spraoi a bhí againn i Scoil an Duinnínigh le linn Seachtain Mhata 2025!
A leithéad de scléip a bhí amuigh ar an bhféar ghlas agus Rásanna Sealaíochta Mata ar bun ag gach rang.
D’úsáid Ranganna Naíonáin go Rang 2 a súile mata agus iad ar shiúlóid mata timpeall na scoile sa tóir ar mhata sa timpeallacht.

Ar ais sna seomraí ranga, bhí ár n-ealaíontóirí óga gafa le healaín bunaithe ar mhata agus le cláracha ar Maths TV mar aon le Tráth na gCeist Mata.
Bain súp as an bhfís seo chun blaiseadh beag do Spraoi na Seachtaine Mata 2025 a fháil!
Mata abú!