oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Siúil Siar ar bhliain le Dordíní an Duinnínigh

Thosaigh muid an bliain amach ag canadh le chéile mar grúpa úrnua arís. Thosaigh daltaí nua ó rang a trí agus chuir siad go mór leis an chór!

An Nollaig

Ag am Nollaig chuir muid isteach ar ‘RTÉ lyric’s Choirs for Christmas’

Is féidir leat éisteacht leis an amhrán álainn ‘Sweet Bells le Kate Rusby’ anseo. https://www.rte.ie/radio/lyricfm/clips/22563717/

 

Feis Ceoil 

Ghlac na Dordíní páirt san Fheic Ceoil i mbliana. Rinne siad an comórtas Cóir Bhunscoile –  Dhá Pháirt agus bhí an bua acu!

 

Folens Publishers’ School Choir of the Year

Mar gheall go raibh an bua againn sa chomórtas ar maidin ag an bhFeis tugadh cuireadh dúinn teacht ar ais sa trathnóna chun an chomórtas ‘Folens Publishers’ School Choir of the Year’ a dhéanamh! Ní raibh an bua againn an uair seo ach bhí na cailíní go hiontach ar fad agus bhí mé an-bhrodúil astu! Rinne siad job den chéad scoth.

Féach ar na físeáin thíos dóibh ag canadh Mol Dubh an Ghleanna agus Seo í an Ghrian

https://vimeo.com/1176969227

 

Navan Choral Festival

Seo deireadh na comórtais anois don scoilbhliain seo. Ghlac muid páirt sa Navan Choral Festival anuraidh agus bhí an bua againn! Bhí muid ag súil leis an toradh céanna i mbliana. Comhghairdeas mór leis na cailíní i mbliana arís mar go raibh an bua acu! Bhí siad dochreidte agus chuir siad an-obair isteach. Bhí an bua go huile agus hiomlán tuilte acu tar éis an obair agus an iarracht ar fad a chuir siad isteach! Tá mé an-bhródúil astu!

Don chomórtas seo chan muid Mol Dubh an Ghleanna agus Londubh.

Éist leo ag canadh Londubh anseo;

https://www.youtube.com/watch?v=6ZRW4I4pKAs

Fuair na cailíní aiscothú ón moltóir ar nós; ‘excellent articulation’, ‘impressive ending’ agus ‘very confident singing’.

 

 

Tá mé ag súil go mór don bhliain seo chugainn cheana féin agus an ceol álainn a bhéas muid ag cruthú le chéile! Mo cheol sibh Dordíní an Duinnínigh! ❤

 

 

 

Comments are closed.
Latest Posts

Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Latest Posts

Teachers