Chuir Rang a Sé tús le Tionscadal an Chróch inniu i gcuimhne orthu siúd a d’fhulaing agus a fuair bás san Uileloscadh i rith an Dara Cogadh Domhanda. Fuair na h-aon dalta i Rang a Sé cróchbhleibín le cur sa talamh. Bhí orainn poill 15cm domhain a thochailt, an bleibín a chur sna poill sa treo ceart agus an chré a bhí fágtha a d’úsáid chun na poill a líonadh agus an bleibín a chlúdach.









Bhí an t-ádh linn go raibh an chré deas bog tais. Cabhróidh sé seo go mór leo fás. Le cúnamh Dé ní bheidh aon droch sioc sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn. Seasann an chróch buí seo do Dóchas.






An rud is tábhachtaí ná go gcuirtear na bleibíní i gcuimhne ar na leanaí a fuair bás san Uileloscadh agus nuair a fhásann na bláthanna, meabhraítear dúinn iad. Meabhraítear dúinn leis cé chomh tábhachtach agus atá sé glacadh le daoine ó gach cultúr agus meas a bheith againn orthu. Beimid ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal seo tar éis na Samhna.



