oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Cógas a Riaradh

Tá an cháipéis seo i gcomhréir le treoirlínte eisithe ag (Eagraíochtaí Bainistíochta na mBunscoileanna) agus an CMÉ.

Réamhrá

Cé go bhfuil dualgas ar an mBord Bainistíochta sláinte agus sábháilteacht daltaí a chaomhnú agus iad i mbun gníomhaíochtaí údaraithe, ní chiallaíonn sin go bhfuil dualgas ar mhúinteoirí cógais a riaradh go pearsanta.

Iarrann an Bord Bainistíochta ar thuismitheoirí a chinntiú go gcuirfear an fhoireann ar an eolas, i scríbhinn, maidir le riocht míochaine ar bith a bheadh i gceist i dtaobh a gcuid páistí. Ba chóir an t-eolas seo a chur in iúl nuair a chláraítear an dalta nó nuair a thagann an riocht míochaine chun solais nó ag am éigin níos déanaí.

Sa pholasaí seo, sé is brí le cógas ná cóir leighis a dtugtar de bhéal amháin, idir cógais, taibléidí agus spraeanna.

Ábhar an Pholasaí

  • Nós imeachta le leanúint ag tuismitheoirí a dteastaíonn uathu go riarfaí cógas ar a gcuid páistí.
  • Ba chóir go seolfadh an tuismitheoir/caomhnóir, i scríbhinn, iarratas go dtí an Bord Bainistíochta ag lorg ball foirne a bheith údaraithe chun an cógas a thabhairt, nó chun monatóireacht a dhéanamh ar fhéinghlacadh an chógais
  • Tá sé mar riachtanas ar thuismitheoirí treoir i scríbhinn a thabhairt maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i dtaobh cógas a ghlacadh agus a stóráil. (féach Aguisín 1)
  • Tá freagracht ar thuismitheoirí a chinntiú go dtagann an cógas chuig an scoil, agus go dtugtar an cógas do dhuine fásta freagrach, agus a chinntiú go bhfuil a dhóthain den chógas ar fáil.
  • Tá sé de dhualgas freisin ar thuismitheoirí slánaíocht a thabhairt don Bhord agus baill foirne údaraithe i dtaobh dliteanas ar bith a d’fhéadfadh a bheith i gceist maidir le cógas ar oideas dochtúra sa scoil. Cuirfidh an Bord árachóir na scoile ar an eolas dá réir sin.
  • Is gá athruithe sa chógas ar oideas dochtúra (nó méid dáileoige) a chur in iúl láithreach don scoil le treoir soiléir i scríbhinn maidir leis an cógas nua a ghlacadh agus a stóráil.
  • I gcásanna ina bhfuil páistí i mbaol báis ó bhreoiteacht, ba chóir do thuismitheoirí a chur in iúl, go soiléir i scríbhinn, cad ba chóir agus cad nár chóir a dhéanamh i gcás práinne áirithe, ag díriú ar a bhfuil mar phriacal ar an bpáiste.
  • Is gá do thuismitheoirí uimhir ghutháin éigeandála a thabhairt lenar féidir teacht orthu i gcás práinne.

Nósanna imeachta le leanúint ag an mBord Bainistíochta

  • Is féidir leis an mBord, tar éis machnamh a dhéanamh air, ball foirne a údarú le cógas a riaradh do dhalta, nó le monatóireacht a dhéanamh ar fhéin-ghlacadh an dalta féin.
  • Cinnteoidh an Bord go bhfuil an duine údaraithe oilte i gceart conas an cógas a riaradh.
  • Cinnteoidh an Bord go bhfuil slánaíocht ar fáil ó na tuismitheoirí maidir le dliteanas ar bith a d’fhéadfadh a bheith i gceist maidir le riaradh cógais.
  • Ba chóir don mBord an t-eolas cuí a chur ar fáil d’árachóirí na scoile gan mhoill.
  • Ba chóir don mBord socruithe cuí a dhéanamh chun cógas a stóráil; ba chóir freisin socruithe a dhéanamh chun na nósanna imeachta a chur i bhfeidhm sa chás go mbíonn an ball fóirne údaraithe as láthair

Dualgais Ball Fóirne

  • Ní cóir riamh go mbeadh de dhualgas ar bhall fóirne cógas a thabhairt do dhalta.
  • Ball fóirne a bhíonn sásta cógais a riaradh, ba chóir go mbeadh nósanna imeachta soiléire leagtha amach chuige seo agus go mbeadh sé le tuiscint go bhfuil sábháilteacht ag baint leis.
  • Ba chóir treoir scríofa maidir le riaradh an chógais a bheith ar fáil.
  • Ní cóir cógas a riaradh gan cead speisialta a bheith fachta ón mBord Bainistíochta.
  • Agus iad ag riaradh cógais do dhaltaí, ba chóir go mbeadh na baill fóirne ag feidhmiú mar a dhéanfadh tuismitheoir stuama díograiseach..
  • Ba chóir tuairisc scríofa a choiméad i dtaobh dáta agus am riartha. (Aguisín 2)
  • I gcás éigeandála, ní cóir don bhfoireann gan ach an méid is lú a dhéanamh chun freastal ar an dalta maidir le ró-anacair a mhaolú nó breis damáiste a sheachaint. Ba chóir fios a chur gan mhoill ar lucht leighis cáilithe nuair a tharlaíonn éigeandáil.
  • Ba chóir dul i dteagmháil leis na tuismitheoirí nuair a bhíonn fadhb nó éigeandáil i gceist.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers